Muhammed Ali in aois a seachtó bliain

By
Updated: January 22, 2012

Click here for the latest odds on winning the Heineken cup from Betfair

Beidh an laoch spóirt is mó ar domhan, Muhammed Ali, 70 bliain d’aois Dé Máirt na seachtaine seo.

Rugadh Cassius Marcellus Clay Jr ar an 17 Eanáir 1942 i Louisville, Kentucky. Deirtear gur threoraigh póilín is traenálaí dornálaíochta, Joe E. Martin, Cassius óg i dtreo na dornálaíochta in aois a dó dhéag. D’éirigh sé ina cheann de na dornálaithe amaitéaracha is fearr sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh sé Comórtas ‘Golden Gloves’ Kentucky sé huaire agus ‘Golden Gloves’ na Stáit Aontaithe faoi dhó in éindí le bonn óir agus na Cluichí Oilimpeacha sa Róimh i 1960. Bhuaigh sé céad troid ar fad mar amaitéarach agus ní raibh ach cúig chailliúint aige. Dúirt Ali ina bheathaisnéis, foilsithe i 1975, gur chaith sé an bonn óir sin isteach in abhainn an Ohio, tar éis diúltú ó dhuine freastal air i mbialann don chine geal amháin.

Idir na blianta 1960 is 1963 bhuaigh sé 19 throid agus leag sé a chéile comhraic amach i 15 de na troideanna sin. I rith a shaoil fuair sé an lámh in uachtar ar throdaithe ar nós Tony Esperti, Jim Robinson, Donnie Fleeman, Alonzo Johnson, George Logan, Willi Besmanoff, Lamar Clark, Doug Jones, Henry Cooper agus Sonny Banks. Ba é an dornálaí ab óige riamh, ag an am, nuair a rug sé Craobh an Domhain ó Sonny Liston. Tháinig conspóid ina shaol nuair a dhiúltaigh sé páirt a ghlac in Arm na Stáit Aontaithe i gCogadh Vítneam. Cuireadh a cheadúnas dornálaíochta ar ceal, dá bharr, agus baineadh Craobh an Domhain uaidh. Tógadh os comhair na cúirte é agus ag an deireadh chuaigh a chás chuig an gCúirt Uachtarach. Faoin am seo bhí meon na ndaoine ag casadh i gcoinne an chogaidh is i bhfábhar Ali. I Meitheamh 1971 fuair an Chúirt Uachtarach, iar-sheaimpín an domhain, neamhchiontach. Sa bhliain chéanna bhí “The Fight of the Century” i Madison Square Garden nuair a chas Ali agus Joe Frazier ar a chéile. Bhuaigh Frasier ar phointí, an chéad uair riamh a chaill Ali troid ina shaol proifisiúnta.

D’eagraigh Don King “The Rumble in the Jungle” sa tSáír ar 30 Deireadh Fómhair 1974. Ba iad Ali agus George Foreman a chuaigh chun troda. Baineadh geit is stangadh as a lán daoine nuair a rug Ali an chraobh leis arís. Bliain níos déanaí, throid Ali is Joe Frazier don tríú huair, sa “Thrilla in Manila.” Bhuaigh Ali an comórtas nuair a theip ar Frazier teacht amach do bhabhta a cúig déag.

Bhain Leon Spinks, buaiteoir an bhoinn óir i gCluichí Oilimpeacha 1976, an chraobh de Ali i 1978. Bhí troid eile eatarthu breis is dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a rug Ali an lá leis athuair. Bhí Craobh an Domhain buaite aige anois don tríú huair. D’éirigh sé as an spórt ar 27 Meitheamh 1979, ach chuaigh sé isteach sa chró arís in éadan Larry Holmes i 1980. Níor thug a thraenálaí cead do Ali teacht amach do bhabhta a haon déag. Ba é seo an t-aon troid amháin as a gcúig cinn a chaill sé nár chaill sé ar phointí. Bhí troid amháin eile aige ina dhiaidh sin i gcoinne Trevor Berbick i 1981, ceann eile a cailleadh.
Ina shaol mar dhornálaí proifisiúnta bhuaigh Muhammed Ali 56 troid agus chaill sé cúig cinn. Sa bhliain 1999 ainmníodh Ali mar Laoch Spóirt an Chéid agus i 2005 bhronn an tUachtarán Bush Mheiriceá Bonn na Saoirse air. Leis na blianta tá an laoch dornálaíochta seo i dtroid leanúnach in aghaidh ghalair Parkinson. Lá breithe sona, a Ali, ar do 70ú bliain!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>