Fágann bua na Muimhneach ar Ghlaschú iad féin fós sa dara háit

By
Updated: April 9, 2017
Rassie Erasmus

Rinne Stiúrthóir Rugbaí na Mumhan Rassie Erasmus deich n-athrú ar a bhfoireann do chuairt Ghlaschú do Pháirc an Irish Independent i gCorcaigh Dé Sathairn.

I gcluiche a bhí tábhachtach don dá fhoireann chun cáiliú do chluiche leathcheannais an Guinness Pro12, thosaigh na Muimhnigh go tapa agus rugadar ar úd, tríd an tosaí James Cronin, agus gan ach cúpla nóiméad imithe. Shlánaigh Tyler Bleyendaal an scór agus bhí Cúige Mumhan 7-0 chun cinn.

Ba bhuille mhór don fhoireann bhaile nuair a gortaíodh Bleyendaal, an ciceálaí is fearr sa tsraith i mbliana, agus bhí air imeacht den pháirc; tháinig Rory Scannell isteach ina ionad.

Cé go raibh na cuairteoirí go domhain i bhfearann na Muimhneach cúpla uair, níos minice ná a mhalairt bhuaileadar an liathróid chun cinn agus iad sa cheantar sin. Thaispeáin imreoirí na  Mumhan a láidreacht sa chosaint arís is arís eile sa chéad leath. Cé go raibh dóthain aicsin sa chéad 40 nóiméad chríochnaigh an leath sin 7-0, leis na Muimhnigh chun tosaigh.

Sa dara leath den chluiche thar a bheith fisiciúil seo chuir Erasmus a imreoirí móra chun páirce ag amanna éagsúla: Peter O’Mahony, Dave Kilcoyne, Niall Scannell, John Ryan, Donnacha Ryan is Simon Zebo

Tugadh deis don fhoireann bhaile an dara húd a bhaint amach le briseadh mórthaibhseach ó Andrew Conway, fear a léirigh scileanna iontacha peileadóireachta i rith na hoíche. Ba thrua do na Muimhnigh nach bhfaca sé a chomhbhádóir Darren Sweetnam Chorcaí ar an gcliathán i ndiaidh do Conway cosaint Ghlaschú a scoilt. Stopadh Conway féin roimh líne an úid agus bhí an seans caillte.

Ceapadh go raibh an dara húd scóráilte ag Ronan O’Mahony sa 57ú nóiméad. Ghlac sé le pas gleoite ó Jaco Taute, agus bhrúigh O’Mahony an liathróid síos. Chinn an réiteoir teilifíse gur chaill sé í chun cinn, áfach. Sa chéad imirt eile a lean, bhronn an réiteoir Nigel Owens cic éirice ar Mhumha. Scóráil Rory Scannell, is chuir sé a fhoireann níos faide chun cinn; Mumha 10 Glaschú 0.

D’éirigh le Stuart Hogg breith ar úd do na hAlbanaigh. Ghéill Mumha seilbh na liathróide tar éis cic ollmhór ó Rory Scannell. Ciceáladh an liathróid chun cinn díreach in aice leis an taobh líne, léim sí suas go breá do Hogg, agus scóráil faoi bhun na bpostaí. Shlánaigh Finn Russell chun an bhearna idir na foirne a laghdú go trí phointe agus gan ach 10 nóiméad fágtha.

Léirigh na Muimhnigh cosaint dochreidte láidir sna cúig nóiméad deiridh den chluiche. Bhíodar cúramach is ciallmhar, agus dheineadar mórán taicil gan cic éirice a ghéilleadh do Ghlaschú.

Chríochnaigh an cluiche Guinness Pro12 seo Mumha 10 Glaschú 7 le himreoir ó acadamh an chúige, Conor Oliver, ina laoch na himeartha. Fágadh Cúige Mumhan sa dara háit sa tsraith agus deis acu fós cluiche leathcheannais sa bhaile a bhaint amach.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>