So You Think ag imeacht uainn

By
Updated: May 28, 2012
spacer

Bhuaigh So You Think Corn Óir Tattersalls don dara huair as a chéile Dé Domhnaigh.

Tá a rás deireanach buaite in Éirinn ag So You Think i ndiaidh dó Corn Óir Tattersalls de chuid Grúpa a hAon a bhuachan ar an gCurrach. Anuraidh ba é seo an chéad rás ag Grúpa a hAon a rug sé leis san Eoraip. Thóg sé an rás leis i mbliana ag 2/11 rogha coitiantachta, le Joseph O’Brien sa diallait. Roimhe seo bhí ceithre rás caillte as a chéile ag laoch mór na hAstráile ach thóg sé an lá leis gan dua ar bith an uair seo. Seans gur fhéach sé níos fearr an ócáid seo ná aon cheann de na rásaí eile a rith sé in Éirinn. Bhí sé fhad capall le spáráil aige ar Famous Name, capall de chuid Dermot Weld, nár bhuaigh rás ag an leibhéal is airde go fóill. Gan dabht bheadh saineolaithe ag rá nach raibh a chéilí comhraic ró-láidir, ach ba é stíl a bhua an rud a sheas amach. Thóg sé an rás suas luath go leor agus bhí sé ar a shuaimhneas as sin amach, agus é ag trasnú na líne críche fiú. Bhí an capall, atá sé bliana d’aois anois, sa cheathrú háit ag Corn an Domhain i nDubai i mí an Mhárta agus tugadh briseadh dó ina dhiaidh sin.

Tá plean ag lucht Bhaile Uí Dhúill é a thógáil go hAscot Ríoga do Rás Áine Ríoga nó Rás Phrionsa na Breataine Bige i mí an Mheithimh, agus ar aghaidh leis ansin go Sandown don Eclipse. Críochnóidh an gillín a ghairm rásaíochta ansin ag deireadh an tsamhraidh, rachaidh ar coraintín, agus tosóidh sé a shaol nua graí san Astráil. Bhí an t-ádh linn sa tír seo go raibh deis againn ceann de laochra mór na rásaíochta a fheiceáil ar feadh tréimhse.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>