Walsh mar réalta nua Sydney

By
Updated: May 29, 2012
spacer

Tá na mílte ógánaigh tar éis cladaigh na tíre seo a fhágáil, ar thóir poist agus tús úr thar lear. An gné is treise ó thaobh imreoirí Cumann Lúthchleas Gael de ná nach bhfuil níos mó tar éis imeacht chuig Léig Peile Astrálach (AFL).

Leis an Astráil ag mealladh níos mó agus níos mó imreoirí d’ár chuid de thoradh poist, tá líon na himreoirí a théann chuig an AFL fós réasúnta íseal. Le Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar craobhchomórtas na Mumhan, is cinnte go mbeidh imreoir amháin dá chuid ag breathnú ar a iar-chomrádaí ó Sydney.

Cé go bhfuil Tadhg Kennelly tar éis slán a fhágáil le Sydney Swans tá Ciarraíoch nua ann chun a gheansaí (uimhir 17) agus a clár teilifíse ar suíomh na Swans a thabhairt leis. Ag díriú ar a trí séasúr san AFL atá Tommy Walsh agus tar éis dó a chéad cluiche a thosú i gcoinne Melbourne, is cinnte go bhfuil sé ar thóir an rath céanna is a bhaint Kennelly amach.

Thóg Walsh roinnt ama chun labhairt le Gaelscéal faoi conas mar atá sé ag dul i dtaithí ar an Astráil agus é ag tnúth leis an séasúr atá tosaithe le mí anuas.

“Oibríonn tú go crua, ach nuair atá tú i do chónaí ina aice leis an tráth is féidir leat dul síos ann nuair a bhíonn an aimsir go deas chun do scíth a ligeann,” dar le Walsh a cur críoch lena staidéar ar bainistíocht tógála in Institiúid Teicneolaíochta Luimneach óna áit nua cónaithe i Sydney an Bealtaine seo.

” Bhí trí bliana déanta agam sular imigh mé. Tá an ceathrú bliain á dhéanamh agam anois. Bhí na scrúdú deireanacha agam i mí Bealtaine agus tá súil agam go mbeidh an lá liom leo agus go mbeidh an céim críochnaithe agam ansin. Bhí siad fíor cabhrach dom agus thug siad deis dom píosaí áirithe a dhéanamh le roinnt blianta anuas, seachas an cúrsa iomlán a dhéanamh.”

Nuair a bhí sé ag imirt le Ciarraí bhíodh sé ag taisteal ó Luimneach nó Corcaigh chun traenáil a dhéanamh ar feadh dhá nó trí uair a chloig agus ansin léim sé sa charr chun filleadh ar Corcaigh dá obair an maidin dár gcionn.

“Tá sé ró-dheacair sin a dhéanamh,” dar leis, i dtaobh cluichí crua a imirt ar an Domhnach agus díreach isteach chun an obair an maidin dár gcionn. “Anseo, tá an t-am agat teacht chugat féin arís. Is féidir folcadh oighear a bheith agat, agus níl aon brú ort dul in aon áit. Sin an difríocht is mó idir bheith i d’imreoir proifisiúnta agus amaitéarach ná go bhfuil an t-am agat chun do cholainn a athshlánú gach uair. Ní féidir sin a dhéanamh nuair atá post agat.”

Thosaigh Walsh amach le St Kilda, ach tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh leo, gan cluiche a imirt, bheartaigh sé an bóthair a bhualadh agus aghaidh a thabhairt ar Sydney.

“Bhí sé deacair agus bhí frustrachas ag baint leis sa dara bhliain nuair a mhothaigh mé go raibh mé ag dul go maith agus go raibh áit imeartha toillte agam. Ach, níor roghnaíodh mé. Ar deireadh bhí baint aige sin i m’aistriú go Sydney.”

Cé go raibh cuma an imreoir proifisiúnta air agus é ag imirt do Chiarraí, tá an deis aige anois an obair crua a chur isteach gan smaoineamh ar an obair a thuilleann an t-airgead dó, mar a dhein sé le Chiarraí.

“Tá an méid sin i gceist; meáchain, seisiúin ar gortaithe a chosc, yoga, seisiúin suathaireachta. Imríonn tú ar an Sathairn agus ‘siad an Máirt agus an Déardaoin na príomh-laethanta traenála atá agat agus tógtar gnéithe eile mórthimpeall ar sin. Tá tú isteach ann sé lá in aghaidh na seachtaine.”

Tá a chéad cluiche imeartha aige anois. Cé go mothaíonn sé Ciarraí uaidh, tá sé ag iarraidh tógáil ar a chéad cluiche a d’imir sé. Tá bainistíocht na foirne ag súil gur féidir leis dul in iomaíocht chun áit buan a fháil. Más féidir leis sin a dhéanamh, seans nach mbeidh Craobh AFL i bhfad uaidh.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>