Ag dul ar aghaidh go seoigh go dtí seo

By
Updated: September 24, 2011

Bhíomar ag súil go mór leis, ach níor cheapamar go dtarlódh sé, go mbuafadh foireann rugbaí na hÉireann in aghaidh na hAstráile ag Corn Rugbaí an Domhain. Tar éis an chliste agus an briseadh croí in éadan mhórchumhachtaí an spóirt, bhí an lá leis na hÉireannaigh faoi dheireadh thiar thall.

Níor thug saineolaithe, ar iar-imreoirí iad, daoine ar nós Nick Farr-Jones agus David Campese, seans ar bith d’fhoireann Kidney. Cheap siadsan go mbeadh bua gan dua ag Robbie Deans agus a fhoireann agus iad ar a slí go dtí Cluiche Ceannais an chomórtais.

Ní dócha gurbh fhéidir le lucht tacaíochta bheith ró-mhuiníneach ach oiread. Chaill Brian O’Driscoll agus a chomhghleacaithe na cluichí cairdis i mí Lúnasa, dhá uair i gcoinne na Fraince – as baile agus sa bhaile – agus cluiche in éadan Alban is Sasana araon. Ba léir ó na cluichí sin go raibh obair le déanamh acu, cé go raibh roinnt seachtainí caite lena chéile acu i gcampa. Bhí pasanna ag dul ar strae sna cluichí sin, ní raibh na glaonna i gceart, bhí trioblóid sa síneadh amach is sa chlibirt, ní bheadh siad réidh do chluichí móra na bliana, an ceann in éadan na hAstráile ach go háirithe, ceapadh. Níos measa ná sin, b’fhéidir, bhí bua lag acu ag tús an chomórtais i gcoinne Mheiriceá, foireann a bhí lán d’imreoirí páirtaimseartha.

Tháinig an Satharn, áfach, agus bhí foireann na hÉireann thar cionn. D’imríodar i mbarr a réime. Bhí an lámh in uachtar ag an bpaca. An paca, an gcreidfeá é? Chualamar ó shaineolaithe teilifíse nach raibh an paca láidir, nach raibh ar a gcumas tabhairt faoi fhoirne móra an domhain. Rinne Cian Healy, Rory Best agus Mike Ross slad ar na hAstrálaigh, a bhí gan Stephen Moore an húcálaí.
Níorbh iadsan na laochra amháin ar an bhfoireann ar an lá seo, ach ba iad na mórlaochra. D’imir gach duine a pháirt, na daoine a thosaigh ar an mbinse chomh maith. Nach suimiúil an meon a bhí ag Declan Kidney is a chuid imreoirí agus iad ag caint leis na meáin i ndiaidh an chluiche. Bhíodar sásta go raibh an jab déanta, gur imríodar chomh maith sin, ach ní dheachaigh siad thar fóir ina gcuid moladh. Ní raibh an fhoireann tar éis na craoibhe a bhuachan, ní raibh ach cluiche cáilithe buaite acu, mar a dúirt Paul O’Connell. Sin an caighdeán imeartha a bhíonn ag teastáil uathu i gcónaí, dar leis, ach ní éiríonn leo é a chur i gcrích an t-am ar fad.

Ceaptar go bhfuil an cluiche is deacra sa ghrúpa buaite acu anois, ach caithfear bheith cúramach agus ciallmhar. Tá dhá chluiche eile le teacht, ceann in aghaidh na Rúise, agus cluiche eile i gcoinne na hIodáile. Ní dócha go gcuirfidh na Rúisigh mórán brú ar na hÉireannaigh, ach seans gur a mhalairt de scéal a bheidh i gceist leis na hIodálaigh. Ní féidir le foireann Kidney glacadh leis go bhfuil an obair dheacair déanta anois. Tá an Iodáil níos cóngaraí do mhórthíortha eile rugbaí na cruinne anois ná mar a bhí riamh. Beidh ar na hÉireannaigh an cluiche seo a chur ar chomhchéim leis an gceann an deireadh seachtaine seo caite. Tá seans ag foireann rugbaí na hÉireann dul níos faide ná riamh sa chomórtas seo anois, ach tá cúpla tasc eile le déanamh acu roimhe sin. Bígí ag faire amach do na hIodálaigh Dé Domhnaigh!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>