Ní cur amú airgid é

By
Updated: October 16, 2011

An rud is annamh is iontach a deir an seanfhocal – aontaíonn lucht tacaíochta Átha Cliath leis sin gan dabht. Tar éis tréimhse fhada gan rath tá Corn Mhig Uidhir ag fanacht cois Life le haghaidh bliana.

Deirtear gurb iad na cluichí peile idir Áth Cliath is Ciarraí na cinn is fearr agus is tábhachtaí sa Chumann Lúthchleas Gael. Tá stádas ar leith tuillte ag na coimhlintí seo ó na seachtóidí agus na hochtóidí. Is cluiche díreach cosúil le cluiche sacair idir Barcelona agus Real Madrid sa Spáinn é. Cé nach mbíonn na cluichí rómhaith go minic, bíonn tuairim ag lucht leanúna an spóirt go n-imrítear ar chaighdeán níos airde iad ná cluichí idir foirne eile.

Afach, bhí cluiche spéisiúil ann ó thaobh cúrsaí airgid. Leis na mílte Dubanna ar Chnoc 16 mar is gnách, chuaigh Áth Cliath chun páirce in aghaidh na foirne is rathúla sa spórt, foireann na Ríochta. Ceaptar go hannamh go mbíonn ceannairí an CLG ag súil le bua Átha Cliath, toisc an eagraíocht bheith faoi bhrú san ardchathair. Má’s sin a bhí ag teastáil uathu seans gur cheap siad nach mbeadh an lá leo nuair a chuaigh na Ciarraígh cúpla cúilín chun cinn agus ach seacht nóiméad fágtha sa chluiche. Tá a fhios ag an saol go raibh greim daingean ag sacar is rugbaí ar dhaoine óga sa phríomhchathair le tamall anuas. Chuir Bord an Chontae Átha Cliath cúpla milliún infheistíocht isteach sna cluichí gaelacha ann, agus anois is léir go bhfuair siad luach a gcuid airgid. Shroich foirne Átha Cliath cúpla cluiche ceannais faoi aois i mbliana agus d’éirigh go breá lena n-iománaithe sinsearacha leis, roimh do na peileadóirí sinsearacha Craobh na hÉireann a thabhairt leo. Le cúpla bliain anuas cuireadh na traenálaithe is na háiseanna ar fáil, agus tugadh an treoir cheart do lucht a n-imirt. Bhí foirne Átha Cliath le sonrú go soiléir sna meáin i rith an tsamhraidh mar go rabhadar páirteach i gcluichí deireanacha na gcomórtas. Gan amhras, tógfaidh Áth Cliath an-chuid spáis i leathanaigh na nuachtán na laethanta is na seachtainí a bheidh amach romhainn, rud a chiallaíonn nach cur amú ama is airgid a bhí i gceist leis an infheistíocht mhór a cuireadh isteach sna cluichí gaelacha sa phríomhchathair.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>