Dhá Mhilliún Dollar Buaite ag Rory McIlroy

By
Updated: October 31, 2011

D’éirigh le Rory McIlroy an chéad duais airgid is mó sa ghalf a bhuachan ag an Lake Malaren Shanghai Masters Dé Domhnaigh.

Seo an chéad bhua uaidh ón uair ar imigh sé ó Andrew ‘Chubby’ Chandler’ beagnach coicís ó shin. Thosaigh an tÉireannach go láidir sa chomórtas seo Déardaoin na seachtaine seo caite, agus bhí sé buille amháin chun tosaigh ag críoch na himeartha an lá sin. Mhéadaigh sé an bhearna idir é féin is na himreoirí eile Dé hAoine, agus chuir sé buille eile lena scór Dé Sathairn chun é a fhágáil trí bhuille chun cinn ar a chéile comhraic. Thosaigh sé ag cailliúint cúpla buille agus é ag druidim i dtreo an líne dheiridh Dé Domhnaigh, an dara huair as a chéile a chaill sé trí bhuille agus é chun tosaigh. Chríochnaigh an fear óg 22 bliain d’aois ar comhscór le hAnthony Kim Mheiriceá ag 18 faoi bhun pair. Thóg McIlroy an lá leis ag an gcéad pholl de chluiche réitigh tar éis do Kim cliseadh ó thrí throigh.

Ba é seo an cheathrú bhua mar ghalfaire proifisiúnta agus an dara cheann i mbliana. Ar ndóigh, beidh sé an-sásta leis an gcéad chomórtas dá chomhlacht bhainistíochta nua atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ‘Horizon.’ Tar éis an bhua dúirt an buaiteoir gurb é seo an chéad uair a bhuaigh sé cluiche réitigh, as ceithre iarracht. Chuir sé in iúl leis go dtugann an bua seo misneach is féinmhuinín dó leis an HSBC Shanghai Champions ag teacht ag deireadh na seachtaine seo. Tá fonn air áit a bhaint amach chomh maith sa ‘Rás chuig Dubai.’

Ní dhéanann an bua seo difríocht ar bith dó ar an liosta rangaithe, áit a bhfuil sé fós ag uimhir a trí. Níor thug lucht ceannais an ghailf san Eoraip nó sna Stáit Aontaithe stádas don chomórtas nua seo, ach i ndiaidh dó críochnú sa dara háit faoi dhó is sa trí áit an uair eile sna trí chomórtais ghailf dheireanacha faoi chúram PGA na hEorpa a d’imir sé, beidh gliondar den réimse is airde air anois.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>