Éacht Uí Bhriain

By
Updated: November 6, 2011

Rinne Joseph agus Aidan O’Brien éacht oíche Shathairn nuair a bhuaigh St. Nicholas Abbey an Breeders Cup Turf ag Corn na bPóraitheoirí ag Churchill Downs i Kentucky.

Ba é Joseph an marcach is óige riamh chun rás a bhuachan ag Craobh an Domhain na Rásaíochta. Bhí an buachaill óg, ocht mbliana déag d’aois is céad seasca haon lá, i lár an ghrúpa don chuid is mó den rás. Thóg O’Brien an capall amach as an ngrúpa agus é ar an díreach baile agus mar a tharlaíonn go minic le capaill de chuid Montjeu chas sé a chloigeann san aer. Ar aghaidh leis an ngillín Coolmore ansin i dtreo an chinn spice. Rinne Sea Moon, capall de chuid Sior Michael Stoute, agus Brilliant Speed iarracht teacht chuige, ach theip go dona orthu. Léirigh St. Nicholas Abbey an t-uafás sin luais.

Labhair a thuismitheoirí bródúla i ndiaidh an rása. Dúirt a athair, Aidan go raibh sé “an-speisialta, dochreidte. Ba mharcaíocht iontach í, tá sé dochreidte. Cad is féidir liom a rá, is marcach dochreidte é. Ba é seo ceann de na laethanta is bródúla i mo shaol, dochreidte.” Chuir a máthair, Anne-Marie in iúl go raibh deacracht aici seasamh suas bhí sí chomh neirbhíseach sin.

Rud a chúir snas ar an ócáid ar fad d’fhoireann Bhaile Uí Dhúill, a bhuaigh rás eile le Wrote le Ryan Moore sa diallait, ná nár bhuaigh athair is mac mar thraenálaí is marcach rás ar bith riamh ag Corn na bPóraitheoirí.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>