Kauto Star – Ar Ais Ar A Sheanléim?

By
Updated: November 22, 2011

Chonaiceamar ilbhuaiteoir Corn Óir Cheltenham, Kauto Star, ar ais ar a sheanléim Dé Sathairn seo caite nuair a bhuaigh sé ar Long Run agus Somersby in Ascot.

Bhí gliondar croí ar Ruby Walsh, Paul Nicholls agus ar ndóigh a úinéir Clive Smith i ndiaidh dó filleadh sa chéad áit athuair. Ceapadh i mBaile an Phúinse anuraidh go raibh a réim críochnaithe go deo ag an leibhéal seo. Bhí Long Run agus Somersby ag teacht i gcomharbas air, dar le roinnt daoine. Ní bheadh Kauto Star in ann dúshlán a thabhairt do na capaill eile de bharr a aoise. Bhí an lá leis na capaill óga i gCorn Óir Cheltenham Márta seo caite. Bhí roinnt de lucht rásaíochta ag súil ag an am sin go mbeadh Kauto Star ag dul amach ar phinsean, go háirithe tar éis dó teipeadh go hainnis i mBaile an Phúinse thart ar mhí ina dhiaidh sin. Anois, agus é ag druidim i dtreo dhá bhliain déag d’aois, is léir go bhfuil sé in ann, ar a lá, cur suas le haon chapall eile. Beidh daoine ag rá nach raibh Long Run ná Somersby go hiomlán réidh don rás Dé Sathairn, agus go mbeidh spriocanna níos mó is níos tábhachtaí ar a sceidil.

Chuir traenálaí, Paul Nicholls, in iúl ag deireadh rása an deiridh seachtaine go raibh a chapall chomh maith is a bhí sé sin ag an am seo den bhliain. Déarfadh daoine gurb é seo ceann de na spriocanna a bhí ag an gcapall seo i mbliana mar go raibh deis réalaíoch aige é a bhaint amach. Seans go mbeidh sé ag dul i mbun troda lena chomhghleacaí ó stábla Nicholls, Master Minded, chomh maith b’fhéidir le Long Run is Somersby athuair, i gclisrás Seoirse VI Le ‘le Stiofáin. Ar aghaidh linn chuig rás mór na Nollag – tá an laoch ar ais ar a sheanléim!

King George betting click HERE

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>