Laoch ar Lár – Socrates Marbh

By
Updated: December 5, 2011



Fógraíodh ar maidin go raibh an Dr Socrates Brasileiro Sampaio de Souza Vieira de Oliveira, nó Socrates mar ab fhearr aithne air, imithe ar shlí na fírinne in aois a caoga seacht. Bhí iar-chaptaen na Brasaíle in ospidéal i Sao Paulo ón Déardaoin seo caite, an tríú huair ó Lúnasa na bliana seo caite.

Bhain sé clú is cáil amach nuair a chuaigh sé ag imirt le foireann Corinthians i 1978 agus d’imir sé thart ar 300 cluiche don chlub ina dhiaidh sin. Roghnaíodh d’fhoireann náisiúnta na Brasaíle bliain níos déanaí nuair a bhí sé 25 bliain d’aois. I rith a thréimhse leis an mBrasaíl ghnóthaigh sé 60 caipín idirnáisiúnta agus rug sé ar 22 cúl.

D’imir sé san Eoraip nuair a chuaigh sé chun imirt le Fiorentina na hIodáile i 1984, roimh dhó filleadh ar Flamengo ina thír dhúchais. Bhí sé ina chaptaen ag Corn an Domhain i 1982. Ar an bhfoireann chéanna bhí imreoirí ar nós Cerezo, Falcao agus Zico. Scóráil sé dhá chúl sa chomórtas sin agus is é an cúl iontach a ghnóthaigh sé i gcoinne an Aontais Shóivéadaigh an ceann a fhanfaidh le lucht tacaíochta an tsacair go deo. Cé gur theip go dona ar an mBrasaíl ag an gCorn Domhanda sin ath-roghnaíodh Socrates mar chaptaen ag Corn an Domhain i Meicsiceo i 1986 áit ar bhain siad na cluichí ceathrú ceannais amach. Níor éirigh leis an ‘Dochtúir’ cic pionóis a aimsiú in aghaidh na Fraince cé gur bhain sé dhá chúl eile amach níos luaithe sa chomórtas. Chlis air Craobh an Domhain a bhuachan agus d’éirigh lena dheartháir Rai na blianta ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh sé Corn an Domhain i 1994. Chaith Socrates tréimhse ama ag imirt le Botafogo agus Santos chomh maith agus i 2004 in aois a 50 chuaigh sé chun páirce mar fhear ionaid do Garforth Town i Sasana.

Chuaigh sé isteach san ospidéal le nimhiú bia cúpla lá ó shin ach cuireadh ansin ar mheaisín tacaíochta beatha é. Tar éis na mblianta ag ól agus ag caitheamh toitíní gearradh a shaol nuair a cailleadh an laoch mór spóirt seo roimh am. D’admhaigh Pele uair gurb é ceann de na himreoirí is sciliúla ó tháinig ón Bhrasaíl

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>