Na Cúigí i ndeá-shláinte

By
Updated: December 19, 2011

Chríochnaigh babhta a ceathair do Chorn Heineken na bliana tráthnóna Domhnaigh agus ba dheireadh seachtaine rathúil d’fhoirne na hÉireann.

Bhreith na hUltaigh an bua agus an pointe bónais leo don dara deireadh seachtaine as a chéile. Thrasnaíodar an líne sé uaire chun iad féin a chur ar bharr an tábla, sa ghrúpa ina bhfuil Leicester is Clermont Auvergne na Fraince. Anois, fágtar fir Uladh dhá phointe chun cinn ar bhuaiteoirí 2001 agus 2002, Leicester, le Clermont pointe eile taobh thiar do na Sasanaigh. Beidh cluiche ag baile in aghaidh Leicester i mí Eanáir, agus turas go Clermont ansin sa séú bhabhta. Ceaptar gurb é seo an roinn is deacra sa chomórtas i mbliana, ach níl aon dabht go bhfuil na hUltaigh go díreach san iomaíocht.

Bhí an lá le buaiteoirí na bliana seo caite, Laighean, Dé Sathairn nuair a bhuaileadar ar Bath don dara huair taobh istigh de sheachtain. Cé nach raibh mórán idir na foirne sa tríú bhabhta, bhí fir Laighean i bhfad níos fearr ná na Sasanaigh an uair seo – rugadar ar cheithre phointe dhéag gan freagra nuair a bhí Leo Cullen sa loca pionóis. Scóráil Laighean 52 pointe in éagmais Brain O’Driscoll. Anois táid sé phointe chun cinn ar Ghlaschú atá sa dara háit agus tá 16 phointe acu – díreach cosúil le Mumhain.

Ó theas, gan Doug Howlett is cúpla imreoir eile, tá ceithre chluiche as ceithre cinn buaite ag fir an deiscirt. Ba bheag pointe a bhí idir na foirne i mbabhtaí a haon, dó is a trí agus is léir go raibh an t-ádh leo bheith gan cailliúint i ndiaidh na gcluichí sin. Ag baile i gcoinne Llanelli Dé Domhnaigh bhí níos mó le spáráil acu ar an scórchlár 19-13. Seasann fir Tony McGahan ar bharr an tábla anois i roinn a haon, ach gan pointe bónais ar bith faighte acu go fóill, an t-aon fhoireann sa ghrúpa sin nár rug pointe bónais leo. Tá Cúige Mumhan cúig phointe chun cinn ar Scarlóidigh Llanelli, agus an dá fhoireann eile Northampton is Castres as an iomaíocht anois.

San iarthar tá muintir Chonnacht tar éis fáil amach go bhfuil caighdeán imeartha níos fearr sa Chorn Heineken ná mar atá sa Chorn Amlin. Tá ceithre chluiche imeartha acu is ceithre cinn caillte. Theip orthu an deireadh seachtaine seo in aghaidh Gloucester arís, ach ba bheag a bhí eatarthu ar an gclár scóir sa dá chluiche. Bhuaigh Toulouse is Harlequins orthu chomh maith rud a thagann fir an iarthair ag bun an ghrúpa ar dhá phointe, tar éis dhá phointe bónais a thabhairt leo. Toisc gurb é seo an chéad uair do Chonnachta imirt sa phríomhchomórtas beidh taithí luachmhar faighte acu agus beidh siad i riocht i bhfad níos fearr don chéad bhliain eile a imreoidh siad sa Chorn Heineken.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>