Réamhamharc ar Rásaíocht na Nollag i mBaile na Lobhar

By
Updated: December 25, 2011

Beidh lucht eagraíochta Bhaile na Lobhar ag súil le slua an-mhór nuair a thosóidh féile rásaíochta na Nollag ann Lá ‘le Stiofáin.

Ar an gcéad lá de cheithre cinn beidh an Léimrás do Nóibhísigh ag Grád a hAon urraithe ag an Racing Post. I measc na gcapall a bheidh san iomaíocht beidh Blackstairmountain ó stábla Willie Mullins, agus Gift of Dgab ó Tony Martin. Tá rás ag an ngrád seo buaite ag capall eile de chuid Tony Martin áfach, Bog Warrior, agus dá bharr beidh sé deacair an lámh in uachtar a fháil air.

An lá ina dhiaidh sin, lá Paddy Power, beidh dhá rás de chuid Grád a hAon. I Léimrás Paddy Power beidh ceann de na rásaí is suimiúla um Nollaig againn le Big Zeb, Forpaddytheplasterer, Golden Silver agus Noble Prince i measc na dtosaitheoirí. Seo cuid de na capaill is cumasaí thar achar an dá mhíle atá againn. Cé go mbíonn Forpaddytheplasterer agus Golden Silver díreach san iomaíocht ag deireadh a gcuid rásaí, ní dócha go mbeidh siad láidir go leor do dhá phríomhchapaill an rása Big Zeb is Noble Prince. Ba bheag a bhí eatarthu sa Léimrás Fortria san Uaimh le déanaí nuair a fuair capall Colin Murphy an lámh in uachtar. Táthar ag tuar go mbeidh an talamh bog ar an lá agus thabharfadh sé sin deis níos fearr do Big Zeb.

I rás mór eile an lae sin Cliathrás do Sheaimpíní an Todhchaí beidh Monksland ó Noel Meade ag dul i mbun troda le dhá chapall eile de chuid an stábla sin, Dylan Ross, Il Fenomeno is Formidableopponent. Seacht gcapall ar fad atá fágtha sa rás seo ach caithfidh Meade bheith aireach le capall de chuid Willie Mullins Sous Les Cieux. Ceaptar go mbeidh an rás idir capall Mullins agus Monksland, capall a bhuaigh a dhá rás go dtí seo.

Click here for the latest Horse racing odds from Betfair

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>