‘An Tarbh’ ag fágáil a pháirce

By
Updated: December 28, 2011

Imreoidh John ‘The Bull’ Hayes a chluiche deireanach don Mhumhain i bPáirc Thuamhan oíche Stiofáin.

Is deacair a thuiscint nár thosaigh John James Hayes ag imirt rugbaí go dtí aois a hocht déag nuair a chuaigh sé chun páirce leis An Brú den chéad uair. Thosaigh Hayes ag imirt le Sionainn ansin agus chaith tréimhse bhliana in Invercargill na Nua Shéalainne. Ba ansin a d’athraigh sé ón dara líne go dtí an líne thosaigh, áit ar bhain sé clú is cáil amach dó féin.
Ag tús an tséasúir seo bhí níos mó caipín Corn Heineken aige ná imreoir ar bith eile. Tá an lámh in uachtar faighte aige ar gach aon chlub den 30 club is fearr san Eoraip ó thosaigh an comórtas Heineken. Bhuaigh sé dhá Chorn Heineken, agus bhí sé ina thánaiste sa chluiche ceannais dhá uair eile freisin, rug sé trí Shraith Magners leis in éineacht leis an gCorn Ceilteach. Sna ceithre chluichí ceannais Heineken inar ghlac sé páirt thosaigh sé gach ceann is d’imir sé an t-ochtó nóiméad do gach aon cheann acu. Bhí sé ina chéad imreoir chun 100 cluiche sa Chorn Heineken a imirt nuair a ghlac sé páirt sa chluiche in aghaidh Naomh Northampton i Samhain 2011.

Ghlac an frapa ceann teannta lán-pháirt ar fhoireann náisiúnta na hÉireann chomh maith. D’imir sé ar fhoireann rugbaí na tíre don chéad uair in aghaidh na hAlban i bhFeabhra 2000, an lá a thosaigh Ronan O’Gara, Peter Stringer, Shane Horgan is Simon Easterby a ngairmréimeanna idirnáisiúnta. Ó shin i leith rug sé ar an gCaithréim Mhór in éindí le Corn na Corónach Triaraí trí huaire. Scóráil sé úd amháin i rith a thréimhse idirnáisiúnta i ngeansaí na hÉireann, i bPáirc Uí Mhuirí i gcoinne na hAlban sa bhliain 2005, agus tá gach foireann san fhiche is fearr i rangaithe an Bhoird Idirnáisiúnta Rugbaí buaite aige, seachas an Nua Shéalainn, foireann nár bhuaigh na hÉireannaigh riamh ó thosú an spóirt. Ba é an chéad Éireannach a bhuaigh céad caipín idirnáisiúnta nuair a chas Éirinn agus Sasana ar a chéile i dTwickenham ar an 27 Feabhra 2010. Roghnaíodh Hayes dhá uair chun taisteal leis na Leoin, chun na hAfraice Theas agus go dtí an Nua Shéalainn faoi seach.
I ndiaidh dó 105 caipín idirnáisiúnta a bhreith leis, agus 212 cluiche a imirt dá Chúige, éireoidh ‘An Tarbh’ as an rugbaí proifisiúnta Dé Luain. Tá lucht tacaíochta na Mumhan is na hÉireann fíor-bhuíoch dó as a dhúthrachtach, a dhíocas is a ionracas mar imreoir. Ní bheidh a leithéid ann arís!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>