Réamhamharc ar Bhaile na Lobhar

By
Updated: February 12, 2012

Tosóidh lá mór rásaíochta i mBaile na Lobhar ag 1.05 i.n. Dé Domhnaigh. Le ceithre rás de chuid Grád 1 ar an gcárta beidh lucht bainistíochta an ráschúrsa ag súil le slua mór daoine.

I gcéad mór rás an lae beidh Ut De Sivola, go mór chun tosaigh ag na geallghlacadóirí. Sa rás de chuid Grád 3 a bhuaigh sé i mBaile Phúinse le déanaí bhí dhá chapall eile atá sa rás seo, Hisaabaat agus Burrenbridge Lodge, taobh thiar dó. Beidh seans ag Countrywide Flame, a bhain an dara háit amach i rás Ghráid 1 i Chepstow i mí na Nollag, agus ag His Excellency, a bhuaigh rás de chuid Grád 2 roimh dheireadh na bliana seo caite. Beidh an talamh feiliúnach do chapall Willie Mullins, Ut De Sivola, agus ba cheart dó a thríú rás as a chéile a bhuachan.

I gcliathrás Deloitte do Nóibhísigh ní bheidh ach seacht gcapall ag glacadh páirte. Beidh Captain Conan, a bhuaigh an cliathrás Tolworth, ag teacht ó stábla Nicky Henderson. Níor bhain Sous Les Cieux ach an tríú háit amach i rás de chuid Grád 1 i mí na Nollag nuair a thosaigh sé an rás ag 4/9 rogha na coitiantachta. Bhuaigh capall Eddie O’Grady, Cash and Go, an rás sin agus ceaptar go mbeidh sé níos fearr fós anois thar achar níos faide.

Beidh Last Instalment go mór chun cinn sa mhargadh geallghlacadóra i Léimrás an Dr. P.J. Moriarty do Nóibhísigh. Thóg sé Grád 1 leis ar an gcúrsa seo um Nollaig ach beidh Lambro ina dhainséar dó, capall nach raibh ach trí fhaid go leith capaill taobh thiar de Flemenstar i sa Nás an mhí seo caite.

Sa mhór rás, Corn Óir Hennessy, beidh deis láidir ag Willie Mullins arís i mbliana. Tá an rás seo buaite aige ceithre huaire laistigh de dheich mbliana. Is é Quel Esprit an capall atá aige sa rás ach ró mhinic theip go dona ar a chuid léimneach. Bhuaigh Boston’s Angel cúpla Grád 1 ar an ráschúrsa seo anuraidh agus cé go bhfuil sé díomách an séasúr seo beidh sé san iomaíocht. Beidh luach níos fearr ina phraghas ná Quel Esprit agus b’fhéidir gur cheart dul sa seans leis.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>