Tús Nua do Liverpool?

By
Updated: February 27, 2012

I ndiaidh sé bliana de chrá chroí agus buairt tá corn eile buaite ag Liverpool faoi dheireadh.

Uair amháin, sna hochtóidí ach go háirithe, bhí sé de cheart ag an gclub seo beagnach, comórtas amháin a bhuachan in aghaidh na bliana. Ansin, áfach, thosaigh tréimhse achrannach is aimrid. Bhí fadhbanna acu le húinéirí is le bainisteoirí agus ní raibh an club chomh tarraingteach do na himreoirí sacair is fearr san Eoraip is a bhíodh sé. Le tamall gearr anuas, tá an ‘Rí’ Kenny Dalglish ar ais i gceannas.

Cé nach bhfuil an fhoirm go hiontach sa tsraith, leis an iomarca comhscóir, tá ag éirí go breá le Liverpool sna comórtais choirn. Táid fós i gCorn an FA agus mórán de mhór chlubanna na Sraithe imithe as. Sa seachtú háit atá an club sa tSraith agus ach cúpla pointe idir iad féin agus an cheathrú háit chun cáiliú do Shraith na Seaimpíní don bhliain seo chugainn. Anois tá Corn na Sraithe, an Corn Carling, buaite acu. Céim go mór chun tosaigh a bheidh i gceist don chlub, ceaptar. Tá a fhios ag an saol gur laoch é Dalglish do lucht leanúna Liverpool.

Tá an bua seo níos tábhachtaí dóibh mar go bhfuil an tAlbanach i gceannas ar an gclub iontach seo arís. Tús maith leath na hoibre mar a deirtear! Níl ach Feabhra tagtha agus tá céad chorn na bliana buaite acu. Caithfidh siad dul ó neart go neart anois, oibriú níos deacra is a bheith níos féinmhuiníní. Tá conspóid Suarez taobh thiar den chlub anois, tá cúrsaí úinéireachta is bainistíochta réitithe. Ba cheart do chúrsaí socrú síos. Trí phríomhaidhm a bhí ag Dalglish cúpla seachtain ó shin – dhá chorn a thabhairt leis, agus an cheathrú háit sa tsraith a bhaint amach.

Tá a chéad sprioc aimsithe aige. Beidh cluiche tábhachtach sa phríomhroinn i gcoinne Arsenal ag an gclub an deireadh seachtaine seo chugainn. Má bhuann siad an cluiche sin cabhrófar leo áit a bhaint amach i Sraith na Seaimpíní. Beidh Stoke ar cuairt ar Anfield i gCorn an FA, agus ba cheart go mbeadh an lámh in uachtar ag an bhfoireann bhaile. Tá cúrsaí ag dul ar aghaidh go breá don chlub faoi láthair. Má éiríonn le Dalglish a aidhmeanna ar fad a bhaint amach i mbliana, beidh a stádas mar laoch ardaithe arís, más féidir é a ardú níos mó!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>