An Cabhán mar sprioc ag Murphy

By
Updated: April 12, 2012

Cé go bhfuil Ciarraí, Maigh Eo, An Dún agus Corcaigh ag ullmhú go cluichí leath-cheannais sa sraith Allianz, tá briseadh ag an chuid is mó de foirne timpeall na tíre sula dtugann siad aghaidh ar Craobhchomórtas na tíre an mí seo chugainn.

I measc na foirne sin tá Dún na nGall a choimeád stádas Roinn a hAon sa sraith le bua thar Ard Mhacha agus tugann captaen na foirne, Michael Murphy, aghaidh ar cóireáil athshlánúcháin. Tar éis dó tús na sraithe a chailliúint de thoradh gortú, tá Michael Murphy ag súil gur féidir leis gortú dá ballnasc glúine a chur uaidh chun tabhairt faoi an Cabhán sa chéad babhta ar an 20ú lá Bealtaine i Páirc Bhréifne.

“Tá an Cabhán tar éis dul chun cinn leanúnach a dhéanamh i mbliana agus ní beag an dúshlán é bua a fháil i bPáirc Bhréifne. Beidh daoine ag rá go mbeimid mar rogha na coitiantachta, ach tá fhios againn gur cluiche deacair a bhéas ann. Táimid de thiar ag iarraidh na spriocanna a bhaineamar amach a shárú agus nuair a thiocfaidh an craobh beimid ullamh.”

Ghnóthaigh Dún na nGall bua 0-13 go dtí 0-10 in aghaidh Ard Mhacha chun fanacht sa sraith gan Murphy, ach is air mar captaen atá sé Dún na nGall a threorú chun na babhtaí ceannais arís i mbliana.

“Ní sé idéalach bheith ar na taobhlínte d’aon cluiche ach ní thé an sraith an rud is tábhachtaí. ‘Se an craobh an gné is mó dúinn, rud atáimid ag súil leo agus thug na cluichí seo deis tógáil i dtreo an craobh dúinn. Ba deis é d’imreoirí áit a daingniú dóibh féin don craobh agus bhí an iomaíocht sin uainn ar an Domhnach.”

In ainneoin na gortaithe ag obráid ag tús na séasúir, ghnóthaigh sé 2-19 sa sraith, ach don té a bhain áit amach ar an fhoireann idirchontae ag aois 17, cuireann sé brú ar féin tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.

“Céim mór a bhí ann mar ógánach, 17 mbliain d’aois, ní amháin ag imirt don foireann idirchontae ach imirt don coláiste chomh maith. Táim cúig bliain níos sine anois agus le sin tagann tuiscint níos mó faoi cad is imreoir idirchontae ann agus conas feabhsú mar imreoir.”

“Déanann tú iarracht do chuid oibre a dhéanamh ar an bpáirc. Sa seomra feistis tá ceannairí againn síos tríd an foireann. Is foireann gar muid agus cabhraíonn sé sin ar an bpáirc agus taobh amuigh den páirc.”

Agus don té nach bhfuil ach 22 bliain d’aois, is mór an baint a bhí ag bainisteoir Dún na nGall Jim McGuinness air tar éis dó craobh na hÉireann faoi 21 a bhaint amach faoi agus é mar captaen ar an foireann sinsear chomh maith.

“Is bainisteoir iontach é. Le dhá bliain anuas, bhí an t-ádh orm roinnt craobh a bhuaigh faoi Jim McGuinness. Leagann sé síos dúshlán do gach imreoir feabhsú. Tá an foireann bainistíochta ag iarraidh an foireann a bhrú ar aghaidh. Spreagann sé tú. Cuireann sé gnéithe in iúl duit chomh maith. Táim fíor bhuíoch go bhfuil bainisteoir ar caighdeáin leis ag an foireann.

Anuraidh ag aois 21, an captaen is óige sa craobhchomórtas, thóg Murphy Dún na nGall chuig an leath-chraobh agus fiche nóiméad ó craobh na hÉireann a bhaint amach sular chlis siad i gcoinne Baile Áth Cliath. I mbliana nuair a bhuail na himreoirí le chéile, deir Murphy go raibh siad ag iarraidh feabhsú ar an-chuid ón bhliain seo caite.

“Cheapamar go raibh ar gach imreoir feabhsú agus bhí orainn feabhsú i ngach uile cairn den pháirc. Táimid ag obair go crua ar an páirc traenála, ag iarraidh sin a bhaint amach agus le cúnamh Dé tiocfaidh sé sin chun solais sa Samhradh. Ní sroicheann tú an barr ríomh i spóirt. Bíonn tú ar thóir sin i gcónaí.”

“Táimid tar éis bogadh ar aghaidh ón bhliain seo caite. Caithfimid teacht le chéile mar aonad arís, taispeántas aonarach maith a thabhairt agus leanfaidh sé sin i dtreo taispeántas maith foirne. Má tá an taispeántas maith go leor chun toradh a fháil, ní chuireann cáineadh isteach orainn.”

Idir seo agus an cluiche i bPáirc Bhréifne, is cinnte go mbeidh Jim McGuinness ag cur allais ag feitheamh ar a príomhscórálaí sa sraith. Le Murphy é féin tinn tuirseach de na gortaithe cheana féin, ‘sé Bealtaine 20 an sprioc atá sé ag díriú air, cé go deir sé nach bhfuil aon brú á chur air chun filleadh. “Nílim ag iarraidh filleadh ró-luath chun cur leis an ngortú, ach seans go mbeidh mé aclaí do tús na craoibhe.”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>