Rothaíocht ar bóthar na Leasa – Martin

By
Updated: April 12, 2012

Le roinnt blianta anuas tá an-chuid athraithe le feiceáil taobh istigh de rothaíocht. Ó Richard Virenque agus eachtra Festina i 1998 nuair a tháinig an Tour de France go hÉireann go Marco Pantani i 1999, agus buaiteoir an bonn ór sna cluichí Oilimpeacha i 2004 Tyler Hamilton. Ciontaíodh buaiteoir an trí Grand Tours i 2006, Floyd Landis (Tour de France), Ivan Basso (Giro d’Italia) agus Alexander Vinokourov (Vuelta). Tháinig Oibriúcháin Puerto chun solais i 2006 chomh maith. Go bunúsach, bhí rothaíocht in ísle brí agus theastaigh athrú aigne chun ré nua a thosú don spórt.

Tháinig an foireann Garmin-Barracuda (iar Garmin-Slipstream) ar an bhfód i 2007, mar an chéad foireann sa spórt le polasaí oscailte, rud a chiallaíonn go gcuireadh siad torthaí tástálacha ar fáil agus go raibh cead ag iriseoirí fanacht leis an bhfoireann agus cead acu dul aon áit gur mian leo leis an foireann.

“is muidne an céad foireann le polasaí nach baineann muid úsáid as snáthaidí, a deir an t-Éireannach Dan Martin. “Níl mé tar éis instealladh a fháil ríomh i mo shaol. Roimhe seo bhí cultúr vitimín sa spórt nó forbhianna (supplements) chun tacú le athshlánú. Bhí sé dleathach. Anois tá deireadh curtha le sin. Tá leabhair na rialacha athscríofa againn go bunúsach. Tá sé léirithe ag ár bhfoireann gur féidir bheith ar barr an domhain rothaíochta gan aon ní mí-dleathach a dhéanamh. Is sampla iontach é agus táim an-bródúil as.”

Do Martin, breathnaíonn sé ar rothaíocht sa chaoi chéanna is ar bhreathnaigh sé air nuair a thosaigh sé. “Ní hé go bhfuilim ag cur dallamullóg orm féin, ach ní féidir leat rásaíocht in aghaidh rothaithe má tá tú…” Stopann sé. “Tá gach duine neamhchiontach go dtí go faightear ciontach iad. Caithfidh tú rásaíocht in aghaidh na rothaithe seo lá i ndiaidh lae agus caithfidh tú creidiúint go bhfuil siad glan. Caithfear feiceáil ar na fíricí. Is muidne an spórt a dhéantar na tástálacha is mó ar domhain.”

An maidin ina labhraíomar le chéile, dúisíodh Martin ag 6.30am chun tástáíl a thabhairt. “Táimid ar fáil chun tástáil a thabhairt 24 uair in aghaidh an lae. Níl aon amhras ach go bhfuil an spórt tar éis é féin a glanadh suas go mór, agus tá sé druileáilte isteach ionainn, an glúine nua de rothaithe agus mo fhoireann Garmin-Barracuda.”

‘Sé seo an cúigiú bliain ag Martin bheith ina chónaí i Girona leis an foireann, áit, dar leis atá an comhréir is mó de rothaithe proifisiúnta ar domhain. Cé gur bhain sé stad de Vuelta amach anuraidh, níl sé tó-tógtha le féachaint siar ar an méid atá déanta, ach an méid atá le teacht. De thoradh ailléirge polláin, seans nach feicfear é sa Giro d’Italia amach anseo, ach tá sé ag tnúth lena chéad Tour De France a dhéanamh, cibé uair a thagann sé sin.

“Breathnaím ar an Tour mar aon rás eile a dhein mé. Is teagasc maith é don saol. Níl na fir seo ach ar rothair. Faighim na mothúcháin céanna anois is a fuair mé nuair a bhí mé 15. An t-aon rud atá athraithe ná go bhfuilim ag rothaíocht beagáinín níos tapúla agus go bhfuil aire á thabhairt ag cúpla daoine níos mó ar na torthaí a fhaighim. Táim ag tnúth le páirt a ghlacadh ann, cibé uair a fhaighim an deis ar sé. Ní theastaíonn uaim go mbeidh mé mar coisí nó lucht féachana in aon rás agus sé an chéad Tour (de France) a bheith mé páirteach ann.”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>