Baile na Lobhar – An Dara Lá

By
Updated: January 29, 2012

Ar an dara lá den chruinniú seo is é Cliathrás Sheaimpíní na hÉireann, urraithe ag BHP, príomh rás an lae.

Beidh ceithre chapall ag dul in iomaíocht le Hurricane Fly, a bhuaigh an rás seo anuraidh agus a bhain Cliathrás na Seaimpíní i Cheltenham leis ina dhiaidh sin. Chas cuid de na capaill seo ar a chéile cúpla uair ar na mallaibh. Bhí Kalann dhá fhad go leith chun cinn ar Oscars Well i gCliathrás WKD sa Dún Ríoga i mí na Samhna. Sa Mhorgiana cúpla seachtain ina dhiaidh sin bhí cúig fhad capaill go leith le spáráil ag Thousand Stars ar Oscars Well. Chuaigh an dá chapall sin in iomaíocht le Unaccompanied i gCliathrás Istabraq ag Féile na Nollag i mBaile na Lobhar. Bhuaigh capall Dermot Weld an rás le Thousand Stars fad go leith taobh thiar di agus Oscars Well dhá fhad eile níos faide siar. Cé nach raibh Thousand Stars ach dhá fhad taobh thiar de Hurricane Fly sa rás seo anuraidh ní bheidh an lámh in uachtar ag aon cheann de na hiomaitheoirí eile ar an seaimpín reatha. Níl cliathrás caillte ag Hurricane Fly ón 15 Samhain 2009 agus ní dócha go gcaillfidh sé an ceann seo ach oiread. Tá dhá rás ag Grád a hAon tógtha ag Unaccompanied is ceaptar go mbeidh sí níos cóngaraí ná na cinn eile don ‘Hurricane’ amárach.
Ar an gcárta céanna beidh rás eile ag Grád a hAon, Léimrás Arkle do Nóibhísigh urraithe ag Dlíodóirí Frank Ward. Tá an ráta is fearr ag Flemenstar don rás seo ach is é an t-aon imní amháin leis nach bhfuil mórán taithí aige. Bhuaigh Blackstairmountain Léimrás an Racing Post do Nóibhísigh (Grád a hAon) ar an ráschúrsa seo ag deireadh na bliana seo caite. Bhí ceithre cinn de na capaill seo in iomaíocht leis an lá faoi dheireadh le Notus De La Tour dhá fhad is ceathrú taobh thiar de. Is suimiúil go bhfuil capall David Pipe ag taisteal thar sáile arís, b’fhéidir go mbeidh Flemenstar ina dhainséar is mó do chapall Willie Mullins an uair seo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>