McGlynn & McBrearty ar thóir Sam

By
Updated: September 21, 2012
spacer

Cas siar 20 bliain agus bhí Dún na nGall ar tnúth leis an chéad Craobh na hÉireann a buachan. Bhí leithéidí Anthony Molloy agus Martin McHugh ar barr a maitheasa agus iad dírithe ar an chéad craobh a bhuachan don contae riamh. Nuair a d’imigh cic éirice ó Charlie Redmond ar strae an lá sin, is cinnte go raibh fhios acu gurb é seo lá muintir ó thuaidh.

Dúirt na himreoirí an lá sin go raibh fhios acu go raibh siad chun an lámh in uachtar a fháil. Roimh craobh peile na bliana seo, tá an muinín céanna le bhraith i bhfir Dún na nGall. Ach cé go bhfuil siad muiníneach, níl siad ag súil go mbeidh lá éasca acu ar an Domhnach. Seans gur cheap imreoirí Baile Átha Cliath sin nuair a déanadh an tarraingt agus tháinig an meon sin salach orthu.

Ach má fheictear ar fir sna geansaithe buí agus glas, feictear ar líon imreoirí a d’fhéadfadh a bheith ag imirt i Wembley i gcorn FA nó Corn na sraithe seachas bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh.

I measc na himreoirí a d’imir faoi aois le foireann na hÉireann bhí Frank McGlynn, Patrick McBrearty agus Paul Durcan, triúr atá lárnach do foireann Dún na nGall seo.
“Bhí trial agam le Celtic agus d’imir mé cúpla uair le foireann na hÉireann ach ní féidir leat na laethanta i bPáirc an Chrócaigh a shárú, le muintir an pharóiste in Ardán Hogan nó Cusack. Bhí an t-ádh orm sacair a imirt ach is deis é seo gur féidir do saol a athrú dos na himreoirí seo go léir.
“Bhí sé crua an cineadh a dhéanamh dul leis an peil Gaelach. Bhí dúil agam sa sacair agus bhí an deis an dul leis an AFL, ach b’é Peil Gaelach an chéad grá a bhí agam. Chabhraigh sé sin dul leis an peil gaelach. ‘Sé seo an áit go bhfuil gach aon imreoir sa tír bheith ann. ‘Sé seo an cluiche is mó sa tír seo agus tá rud éigin mí-cheart leat mura bhfuil tú ag iarraidh bheith ag imirt i gcraobh ar an gcaighdeáin seo.”
Ach don té atá ag tosú ar múinteoireacht mean scoile ar an gcoláiste an mí seo, bhí foirne sacair agus foirne AFL san Astráil ar a thóir, bhí McBrearty ag smaoineamh ar a saol féin.
“Cheap mé go raibh mo chuid oideachas i bhfad níos tábhachtaí ag an am. Mura bhain mé gairm beatha amach in aon dos na spóirt sin, cén áit a bheinn agus cad go díreach a bheadh agam. Tá an t-ádh orm go dtí seo le mo chuid peile agus tá áit sa coláiste agam i Má Nuad.”
Is cinnte go gcabhraíonn sé nuair atá deis agat imirt i gcraobh na hÉireann ach tá imreoirí óige eile a bhí an deis acu sacair a imirt trasna farraige na hÉireann. I gcroílár na foirne tá tá Frank McGlynn, agus seans go mbeidh All Star aige ag deireadh na bliana.
“Bhíos thall i Sasana cúpla uair,” a dúirt McGlynn le Gaelscéal. “Táim sásta go bhfuil cúrsaí tar éis dul mar a chuaigh siad áfach,” arsa an té a thosaigh amach ar foireann Dún na nGall i 2006.
“Bhíos thall ag ceithre club; Everton, Wolves, Leeds agus Preston North End ar feadh seal. Ach níor oibrigh aon dos na triail sin amach. Faraor bhíos beagáinín óg ag an am. B’fhéidir nach raibh a fhios agam go díreach cad a bhí uathu. Bhíos 11, 12 agus 13 ag an am agus mé ag dul thall. Ní dóigh liom go raibh fhios agam cad go díreach cad a bhí ann, ach le cúnamh Dé beidh bonn Uile-Éireann agam ag deireadh na bliana seo.”
Is cosúil go raibh McGlynn ar aon caighdeáin le imreoir Dún na nGall eile a d’imigh thall go Everton agus a bhain cáil amach dó féin ann; Seamus Coleman, ach níl McGlynn ag féachaint ar na cinní a dhein sé agus an t-ádh aige go bhfuil sé tar éis Craobh na hÉireann a bhaint amach.
“Thosaigh mé amach i 2006 agus tá faoiseamh le bhraith anois tar éis mo chéad Craobh na hÉireann a bhaint amach agus mé ag imirt le sé bhliana. Imríonn imreoirí a saol ar fad gan Craobh Uile-Éireann a bhaint amach. Caithfidh tú bheith sásta ach ag an am céanna caithfidh tú an deis a thapú agus an cluiche a thabhairt leat. ‘Sé seo an cluiche is mó gur féidir le aon imreoir imirt ann agus is rud é go bhfuliimid go léir ag tnúth leis.”
An triú imreoir a d’fhéadfadh saol a bhaint amach dó féin i Sasana ná cúl báire na foirne Paul Durcan. Seans nach mbeadh Dún na nGall anseo gan é, tar éis an sábháíl gleoite a rinne sé i gcoinne Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais Uladh agus is imreoir eile é a léirigh fíor chumas faoi aois.
“D’imir mé faoi aois le foireann na hÉireann trí nó ceithre huaire ach ní rabhas riamh trasna na farraige. Seans gur tugadh £100,000 in aghaidh na seachtaine, seans go mbeinn thall ach ní dóigh liom go bhféadfainn an beart a dhéanamh thall. B’é peil gaelach mo chéad rogha i gcónaí agus ba rogha éasca a bhí ann le déanamh.”

Deir Durcan gur luadh an cailliúint i gcoinne Baile Átha Cliath sa cluiche leathcheannais anuraidh i mbliana, ach fanann an mothúcháin leis ón cluiche sin a chaill siad le pointe i 2011. Is mothúcháin é a theastaíonn uaidh a chur go cúl a gcinn leis na himreoirí go léir a bhí bainteach leis na foireann faoi réimeas Jim McGuinness.
“B’é sin an mothúcháin is measa go mhothaigh mé riamh agus ní theastaíonn uaim é a mothú arís choice. Tá na himreoirí an cairdiúil le chéíle agus bhí amanta deacra againn le chéíle agus amanta maithe. Tá Jim go maith. Is fear thar a bheith dearfach é agus tá muinín aige sa foireann. Níl aon amhras orainn ach go raibh muid chun an cluiche leathcheannais a thabhairt linn. Léirigh na himreoirí sin sa slí go ndeachaigh siad amach sa dara leath i gcoinne Corcaigh. Níl aon scanradh orthu agus níl scanradh orainn roimh aon fhoireann.”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>