Léig Airtricity – Réamhamharc

By
Updated: March 2, 2012

Filleann an Léig Airtricity an deireadh seachtaine seo agus de réir cosúlachtaí ní beidh mórán dúshlán os comhair Ruagairí na Seamróige. Cé gur fhág bainisteoir Michael O’Neill chun dul i bhfeidhm ar foireann idirnáisiúnta Tuaisceart Éireann agus tosach Karl Sheppard, atá ag Reading FC, tá an foireann fós láidir.

I mbliana tá líon mór imreoirí ag imirt ann le todhchaí breátha amach rompu. An bhliain seo caite, dhein Ruagairí na Seamróige an-dul chun cinn tar éis dóibh babhta na ngrúpaí a bhaint amach sa Léig Europa, rud nár dhein aon foireann eile ó Éireann ríomh. Anuas ar sin thóg siad an sraith leo agus is iad atá an deis is fearr an sraith a thabhairt leo arís i mbliana.

Tar éis roinnt blianta de clubanna ag fulaingt ar an taobh airgeadais de, séasúr tábhachtach atá ann chun a thaispeáint go bhfuil an léig tar éis athrú. Má tá gach foireann fós ag feidhmiú ag deireadh an séasúr, séasúr maith a bhéas ann.

1 Ruagairí Seamróige

Cé go bhfuil Karl Sheppard imithe go Reading agus Michael O’Neill ag Tuaisceart Éireann, tá beart nua imreoirí tagtha chun cinn. Tá Stephen Kenny i bhfeighil anois i dTamhlacht agus más réamhléiriú é na cluichí ré-séasúrach ar a bhfuil le teacht, ní bheidh mórán dúshlán os a comhair amach don sraith. Trí cúl déag i trí cluiche, toradh 8-1 i gcoinne Port Láirge Aontaithe ina measc, tá cuma mhaith ar fhoireann Kenny.

Tá imreoir faoi 21 na hÉireann Aaron Greene tagtha ó Sligeach agus d’fhéadfadh sé áit Karl Sheppard a thógáil le linn an séasúr. Tá cúl báire faoi 21 na Sualainne, Oscar Jansson ar cíos ag an club ó Tottenham agus tá iar lán-cúlaí Arsenal, Kerrea Gilbert tagtha chun an fhoireann a neartú. Tá Billy Dennehy ar ceann de na himreoirí gur chóir teacht tríd go mór i mbliana.

Ach le líon na himreoirí atá ag Stephen Kenny, beidh an-chuid iomaíocht d’áit ar an páirc imeartha. Dá bharr tá brú ar Kenny. Tá na hacmhainní aige chun leanúint leis an méid a bhain Michael O’Neill amach leis an club. Má tagann na himreoirí le chéile arís, beidh níos mó boinn ag dul go muintir Tamhlacht. Ach, cé nach bhfuil céile comhraic ag na Seamróige leis an struchtúr céanna i bhfeidhm, ní cóir dóibh leisciúil. Tá gach club eile ag iarraidh an bua a fháil orthu i mbliana.

2 Cathair Dhoire

Thuigfeá dá mbeadh gruaim mórthimpeall Doire roimh tús an séasúr. Ní amháin gur dhiúltaigh Uefa ceadúnas imeartha dóibh de thoradh go bhfuil bac trí bliana ar club imirt san Eoraip a bhí leachtú (liquidation) bainteach dóibh. D’imigh Stephen Kenny go Áth Cliath chun ceannasaíocht Ruagairí na Seamróige a ghlacadh. Agus, d’fhág Eamon Zayed, Daniel Lafferty agus Gareth McGlynn na foirne.

Ach níl gruaim ann. Tá Declan Devine, a bhí mar cúntóir ag an club le cúig bliana, tar éis bainistíocht a ghlacadh ar an gclub. Tá sé tar éis sár-imreoirí i bhfoirm Brian McGroary (ar cíos ó Wolves), Dermot McCaffrey (Dungannon), Rory Patterson (Plymouth Argyle) agus iar-chaptaen Dún Dealgán Simon Madden a thabhairt isteach. Anuas ar sin tá cainteanna i mbun a cuireadh iad sa Dublin Super Cup an Samhradh seo, rud a laghdóidh an briseadh croí a d’fhulaing an club nuair nár ceadaigh Uefa isteach sa Léig Europa iad.

Le cúlra James McLean le Doire, ‘sé an ceist is mó ná cé hé an James McLean nua. Más réamhléiriú é na cluichí a d’imríodh go dtí seo, tá gach seans gur Patrick McEleney a bhéas ann. Murab ionann agus McLean a d’imigh go Sunderland, d’fhág McEleney an club i 2010 chun aghaidh a thabhairt ar Doire tar éis dó bheith ag imirt do Sunderland faoi aois. Tá sé ag teacht chuige féin ag an Brandywell agus d’fhéadfadh clubanna teacht ar a dtóir más féidir é féin a chruthú i mbliana.

3 Ruagairí Sligeach

Tá sean bhainisteoir Scunthorpe, Ian Baraclough, díreach ainmnithe mar bainisteoir Sligeach tar éis do Paul Cook glacadh le post bainistíochta Accrington Stanley ag tús na míosa. Tar éis an Corn FAI a bhuachan agus an dara háit sa sraith a bhaint amach anuraidh, tá mórán brú ar Baracalough de thoradh an rath a bhain Cook amach. Buile eile atá ann dóibh gur chaill siad imreoir faoi 21 na hÉireann Aaron Greene, a shínigh le Ruagairí na Seamróige agus Eoin Doyle atá ag imirt le Hibernian anois.

Rud amháin atá soiléir ná nach é seo foireann Baraclough agus ní bheidh mórán ama aige dul i dtaithí ar an bpost. Ní féidir le Sligeach titim taobh thiar de na Seamróige luath sa séasúr.

Agus cad iad na himreoirí atá aige chun ionsaí a dhéanamh ar an bPríomhroinn? Tá Mark Quigley, a d’aimsigh 21 cúl do Dún Dealgan anuraidh, Pascal Millen a scaoil Tampa Bay uathu agus David Cawley, a d’imir do Ipswich i measc naoi imreoir nua ag The Showgrounds i mbliana. Beidh Cawley lárnach in aon rath a bhéas ag Sligeach agus le spleodair Ross Gaynor chun tosaigh, cé fios nach mbeidh an séasúr seo chomh iomaíoch is a bhí sraith 2011.

An rud is mó a d’fhéadfadh cur as do Sligeach ná an cúltaca atá acu ar an mbínse i mbliana. Cé go bhfuil 13 nó 14 imreoir fíor láidir acu, tá imreoirí eile nach bhfuil an taithí céanna acu. Beidh ar Baraclough ag guí nach cuirfidh gortaithe isteach ar an foireann. Má chuireann d’fhéadfadh séasúr fada a bheith ann dó.

4 Cumann Naomh Pádraig

Níor thosaigh cúrsaí go maith do fhoireann Liam Buckley i mbliana agus iad díbeartha ó Corn Setanta tar éis cailliúint i gcoinne Cliftonville. As na ceithre imreoir déag a d’imir dóibh sa cluiche i gcoinne Cliftonville, ní raibh ach triúr ann ó foireann na bliana seo caite; Ian Bermingham, Sean O’Connor agus iar-imreoir faoi aois Manchester City, Aris Thessaloniki agus Cádiz, Ian Daly. Tá 15 imreoir tagtha chun Páirc Richmond i mbliana agus tuillfidh Liam Buckley a chuid pá chun iad a nascadh le chéile.

Tá fíor tallainne ag Daly ach níl sé tar éis an muinín céanna is a bhí aige faoi aois a fháil ar ais. ‘Sé seo dara séasúr Daly ag Páirc Richmond agus tá todhchaí breá i ndán dó más féidir an muinín sin ann féin a fháil ar ais. Más féidir le Daly na cúl a aimsiú luath sa sraith, beidh Naomh Pádraig in iomaíocht le áit a bhaint amach san Eoraip.

Is cúis imní é, roimh an séasúr ar aon nós, an t-easpa cúl atá a fháil acu agus cé hé an t-imreoir chun iad a ghnóthú dóibh. Má fhaigheann Daly an deis, tá fíor cumas ann. Imreoir eile a bheidh Liam Buckley ag tnúth le séasúr maith uaidh os comhair na cúl ná Christy Fagan atá tagtha ó Bohemians. Tá cumas i James Chambers, atá tar éis teacht ó Hamilton, chomh maith. Más féidir le Buckley tús maith a chur leis an séasúr, beidh muinín ag na himreoirí, gné gur féidir tógáil air. Mura féidir beidh deacrachtaí ag an foireann.

5 Bohemians FC

Is mór an éacht go bhfuil foireann Baile Phib fós ar an láthair i ndiaidh na fadhbanna móra airgeadais a bhain de an bhliain seo caite. Tá bainisteoir nua i bhfoirm Aaron Callaghan tagtha, mar aon le 19 imreoir atá an fear óg tar éis a thabhairt go Páirc Dalymount.

Tá fiacha €4m fós mórthimpeall muineál an chlub agus dá bharr bhí orthu slán a fhágáil le roinnt imreoirí maithe. Ach tá Callaghan tar éis roinnt imreoirí clúiteach a thabhairt isteach chomh maith. Ina measc tá iar-cosainteor de chuid Reading, Danny Joyce, iar-imreoir lár páirce faoi aois Manchester City, Karl Moore agus Dave Mulcahy a tháinig ó Naomh Pádraig. Tar éis do Uefa bac a chur ar Cathair Dhoire imirt sa Léig Europa, beidh súil ag Bohemians roinnt de ualach na bhfiacha a ruaigeadh. Más féidir leis an bhfoireann teacht le chéile go luath sa séasúr, is féidir leo dul in iomaíocht le Doire agus Naomh Pádraig d’áit san Eoraip a bhaint amach. Nó cé fios, le roinnt ádh, d’fhéadfadh siad brú a chur ar na Seamróige agus Sligeach don sraith.

6 Cathair Corcaigh

Tá Corcaigh ar ais i bPríomhroinn na tíre tar éis trí bliana lasmuigh de. Murab ionann agus na foirne eile a d’ardaigh ó roinn a haon, tá Corcaigh slán go maith i mbliana. An chéad dúshlán atá ag Tommy Dunne, ná fear ionad a fháil do Graham Cummins. Is caillteanas mór é Cummins, a ghnóthaigh 24 cúl do Corcaigh anuraidh. Tá Cummins imithe go Preston agus cruthaíonn sé fadhb dóibh sa trian deireanach den páirc.

Tá Tadhg Purcell (ar cíos ó Northampton) tagtha go Turner’s Cross chun roinnt den spleodair sin a choimeád sa foireann ach níl sé tar éis a chuid tallainne a léiriú. Beidh sé féin ag iarraidh gortaithe a bhain de a ruaigeadh chun briseadh isteach i céad foireann Northampton tar éis an séasúr. Seachas Purcell tá Davin O’Neill agus Vinny Sullivan ann chun ualach mór na cúil a iompar i mbliana.

Cé go bhféadfadh fadhbanna a bheith acu chun tosaigh, is a mhalairt atá fíor faoin chuid eile den páirc. Ó thaobh na cosantóirí de, tá Dan Murray fillte ó na Seamróige, Johnny Dunleavy tagtha ó Wolves chun tacaíocht sa bhreis a thabhairt do Mark McNulty sna cúl.

I lár páirce tá Colin Healy fillte ó Ipswich agus is cinnte go mbeidh sé ag stiúradh cúrsaí arís le Corcaigh. Tá Shane O’Connor fillte ar Éireann chomh maith agus cé nach raibh am ró sásta aige ag Ipswich Town, beidh sé ag iarraidh leithéidí Seamus Coleman agus Keith Fahey a leanúint agus é féin a chruthú in Éirinn sula imíonn sé ar ais go Sasana. Beidh O’Connor agus Daryl Hogan ag déanamh a seacht n-iarracht na seansanna a chruthú do Purcell nó cibé imreoir atá sásta ualach na cúl a iompar.

7 Shelbourne

Thóg sé cúig bliana ar Shelbourne filleadh ar an Príomhroinn agus is faoi Alan Mathews atá sé an club a choinneáil ann. Tá na himreoirí a bhain an léig Airtricity amach mar croí-lár na foirne.

Cé go bhfuil Anto Murphy, Paddy Kavanagh, agus Glen Cronin tar éis teacht isteach, níl ach Cronin tar éis é féin a lonnú sa foireann. Tá iar-imreoir faoi aois Celtic, Paul Skinner, tagtha chomh maith chun roinnt iomaíocht a chruthú sa foireann i mbliana.

Bhain siad an craobh sa Chorn FAI amach anuraidh i gcoinne Sligeach agus léirigh siad ann gur féidir leo imirt ar aon caighdeáin leo. Leis na fir atá sínithe ag Mathews ní bheidh siad ag braith ar Philip Hughes amháin chun cúl a aimsiú, ach is eisean a bheidh ag stiúradh Shels chun tosach. Beidh pictiúr níos réalaíoch ar fáil tar éis an cluiche i gcoinne Sligeach anocht.

8 Droichead Átha Aontaithe

Tar éis do captaen an club, Paul Crowley, gortú a fhulaingt roimh tús an séasúr, thóg bainisteoir na foirne, Mick Cooke, Eric Foley isteach sa chlub. Chaith Foley trí bliana ag Celtic mar déagóir sular shínigh sé le Sporting Fingal agus Shelbourne. Thóg Cooke go Muineacháin é agus shínigh Cooke arís é do Droichead Átha i mbliana.

Is mór an caillteanas iad Lee Lynch (Ruagairí Sligeach) agus Joran White (Clyde), ach tá Cooke tar éis na deartháireacha Ryan agus Sean Brennan a thabhairt go Páirc Hunky Dorys mar aon le Declan O’Brien ó Muineacháin. Beidh iar-imreoirí Muineacháin lárnach dóibh i mbliana chun áit a daingniú i lár tábla. Ach má theipeann orthu teacht le chéile, d’fhéadfadh siad bheith i mbun catha ag bun an léig ag deireadh an séasúr.

9 Dún Dealgan

Tá Chris Shields ainmnithe mar captaen an club a chur bainisteoir Sean McCaffrey le chéile thar an Nollag. Tá sé tar éis Darius Kierans a choimeád ag an club agus tá sé tar éis Liam Burns a thabhairt ar ais chuig an club. Chaith McCaffrey seacht bliana le foireann idirnáisiúnta na hÉireann mar bainisteoir faoi aois. Dá bharr, ní bheidh ionadh ar mórán go bhfuil roinnt imreoirí le an-chuid tallainne tógtha isteach aige, Robert Waters ina measc.

Ach beidh deacrachtaí ag McCaffray ina chéad séasúr i léig na hÉireann le nach mór 25 bliain. Tá Simon Madden (Doire), Colin Hawkins (Ruagairí na Seamróige), Ross Gaynor (Ruagairí Sligeach), Jason Byrne (Bray) agus Mark Quigley (Ruagairí Sligeach) go léir imithe. Más féidir le McCaffrey an foireann a choimeád i lár na sraithe nó dul in iomaíocht d’áit san Eoraip, ba bhunchloch iontach é dó chun tógáil air.

10 Muineacháin Aontaithe

Séasúr deacair a bhéas ann do Roddy Collins agus Muineacháin. Tar éis dóibh áit teacht slán ó roinn a haon anuraidh ba buille tubaisteach dóibh nuair a shínigh iar-bhainisteoir Muineacháin , Mick Cooke, cúig imreoir lárnach i bhfoireann Muineacháin do Droichead Átha.

Ach tá Collins glic. Beidh fhios aige go mbeidh ar na cluichí i gcoinne na foirne imeallacha, ar nós Bray, Coláiste na hOllscoile agus Dún Dealgan a thabhairt leo má tá aon deis acu fanacht sa léig Airtricity i mbliana.

I Darragh Reynor tá imreoir cumasach aige, a chaith dhá bhliain le Nottingham Forest faoi aois. Leis tá Robert Bayly tagtha ó na Seamróige agus is beidh orthu an t-ualach a iompar chun Muineacháin a thabhairt slán. Is air Conor Murphy a tháinig ó Bray a bhéas an cúram na cúl a ghnóthú i mbliana. Mura féidir leo, tá séasúr eile i roinn a haon ag fanacht orthu.

11 Bray Wanderers

Beidh Bray ag braith ar meascán idir óige agus imrreoirí le sean-taithí chun iad féin a sábháil i mbliana. Tá Jason Byrne tar éis teacht isteach chun roinnt taithí a thabhairt chun tosach, ach tá dóchas ann ón aos óg. Tá Adam Hanlon, imreoir faoi 18 na hÉireann cumasach i lár páirce, agus Graham Kelly, a bhí le Derby faoi aois, ar imeall na foirne.

Mar a bhíonn ann gach séasúr, beidh an-chuid le déanamh ag Bray chun iad féin a shábháil, ach seans go ndéanfaidh siad é arís i mbliana. Is mór an caillteanas é Gary Dempsey don club agus imreoirí eile ar nós Jake Kelly, Chris Shields agus Derek Prendergast.

12 Coláiste na hOllscoile Áth Cliath

Cé go bhfuil roinnt imreoirí maithe ag na mic léinn, níl aon amhras ach go mbeidh siad faoi bhrú pointí a fháil i ngach aon cluiche i gcoinne na foirne is laige taobh leo; Bray, Muineacháin agus Droichead Átha. Cé go bhfuil cúl báire maith ag na mic léinn, i bhfoirm Mark Anthony McGinley, níl na himreoirí acu mórthimpeall na páirce chun tacú leis.

Chaill siad Darren Meenan (Naomh Pádraig), Dean Marshall (Droichead Átha) agus Sean Harding (imirce) agus tá seans ann do Cillian Morrison áit buan a fháil tríd an séasúr chun tosaigh. Tá Gary Burke, imreoir lár páirce tar éis teacht isteach ó Bohemians ach is os comhair na cúl atá fadhbanna ag na mic léinn. D’aimsigh siad 42 cúl le linn an séasúr agus ligeadar isteach 80.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>