Gaeilge Archives - SportsNewsIreland https://www.sportsnewsireland.com/tag/gaeilge Sports News, Live GAA scores, GAA fixtures Wed, 28 Oct 2020 15:28:37 +0000 en-GB hourly 1 https://i0.wp.com/www.sportsnewsireland.com/wp-content/uploads/2023/01/sni-icon.jpg?fit=32%2C32&ssl=1 Gaeilge Archives - SportsNewsIreland https://www.sportsnewsireland.com/tag/gaeilge 32 32 229439223 “Dúshláin eile i mbliana” dar le Kieran Kingston Chorcaí https://www.sportsnewsireland.com/gaa/dushlain-eile-i-mbliana-dar-le-kieran-kingston-chorcai https://www.sportsnewsireland.com/gaa/dushlain-eile-i-mbliana-dar-le-kieran-kingston-chorcai#respond Wed, 28 Oct 2020 12:07:55 +0000 https://www.sportsnewsireland.com/?p=10604 Rachaidh Corcaigh agus Port Láirge chun páirce i nDurlas i gcluiche leathcheannais iomána na Mumhan Dé Sathairn. Is deacair a chreidiúint nár bhuaigh Corcaigh, ceann de na foirne is rathúla sa spórt, Craobh na hÉireann ó 2005. Sin tréimhse an-fhada don chontae seo gan Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan. Beidh Kieran Kingston ag cur tús […]

The post “Dúshláin eile i mbliana” dar le Kieran Kingston Chorcaí appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
Rachaidh Corcaigh agus Port Láirge chun páirce i nDurlas i gcluiche leathcheannais iomána na Mumhan Dé Sathairn.

Is deacair a chreidiúint nár bhuaigh Corcaigh, ceann de na foirne is rathúla sa spórt, Craobh na hÉireann ó 2005. Sin tréimhse an-fhada don chontae seo gan Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan.

Beidh Kieran Kingston ag cur tús lena dara tréimhe mar bhainisteoir ar fhoireann cois Laoi gan Eoin Cadogan, Darragh Fitzgibbon ná Robbie O’Flynn ar fáil dó.

Rinneadh obráid ar dhroim Cadogan le déanaí, agus cé go bhfuil feabhas tagtha air, ní bheidh sé réidh do chluiche an deiridh seachtaine seo.

D’imir fear na Dúglaise, ceithre bliana is tríocha, mar lántosaí i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann anuraidh. Chaill na Reibiliúnaigh an cluiche úd i gcoinne Chill Chainnigh.

Ní bheidh Darragh Fitzgibbon, fear óg trí bliana is fiche d’aois, ag imirt in aghaidh Phort Láirge ach an oiread. Rug sé ar ghradam Sárimreoirí Iománaíochta na Bliana 2018, ach tá fadhb aige le teannán ioscaide faoi láthair.

Caillfidh an tosaí Robbie O’Flynn amach Dé Sathairn toisc é bheith ar fionraí.

Tugadh cárta dearg dó sa chluiche sraithe Allianz in aghaidh na Gaillimhe i mí an Mhárta seo caite.

D’admhaigh Kieran Kingston go bhfuil an cosantóir Colm Spillane ar ais i mbun traenála agus go bhfuil seans ann go nglacfaidh sé páirt éigin sa chluiche tráthnóna Dé Sathairn.

Glaodh fir na Carraige Duibhe Daniel Meaney, Tadhg Deasy agus Alan Connolly isteach i scuad Chorcaí tar éis a n-éachtaí i gcraobh Chorcaí le déanaí.

Craobh difriúil i mbliana

Agus é ag caint leis na meáin ag tús na seachtaine, dúirt Kingston go mbeidh dúshláin eile rompu an séasúr seo.

“Is é an rud is tábhachtaí ná na himreoirí a choimeád aclaí agus an coróinvíreas a sheachaint” dar le Kingston. “Caithfimid iad a choimeád lena chéile mar phainéal chomh fada agus is féidir linn.”

Tá bainisteoir Chorcaí ag súil go mór le dul go Durlas ag an deireadh seachtaine.

Dar leis an gcléireach bainc:

“Ní raibh mise ná na himreoirí i nDurlas riamh nuair nach raibh an pháirc cosúil le faiche ghailf. Feicfimid an rud céanna Dé Sathairn.”

Chuir Kieran Kingston deireadh lena chéad tréimhse mar bhainisteoir Chorcaí nuair a chaill a fhoireann i gcoinne na Déise i 2017.

Má chliseann orthu an deireadh seachtaine seo, tá seans ann go mbeidh ar na Corcaígh aghaidh a thabhairt ar Luimneach, ar Thiobraid Árann nó ar An Clár, ceann de na foirne ar an taobh eile den tarraingt sa chúige. Nó b’fhéidir go mbeidh siad ag dul chun coimhlinte i gcoinne na Gaillimhe nó Loch Garman.

Is cuma cé acu fhoireann a bheidh os a gcomhair amach beidh dúshlán ollmhór roimh Chorcaigh corn a bhuachan i mbliana. Tá muintir Chorcaí ag súil le fada le Craobh Iomána na hÉireann eile a thabhairt leo. Feicfimid conas mar atá cúrsaí ag an bhfoireann Dé Sathairn. Seans go mbeidh tuairim níos fearr againn ansin faoi fhéidearthachtaí na foirne seo.

Beidh Corcaigh agus Port Láirge beo ar Sky Sports Mix, leis an gcluiche at tosú ag 3.30.

The post “Dúshláin eile i mbliana” dar le Kieran Kingston Chorcaí appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
https://www.sportsnewsireland.com/gaa/dushlain-eile-i-mbliana-dar-le-kieran-kingston-chorcai/feed 0 10604
Tráchtaireacht Ghaeilge ar roinnt cluichí CLG ar BBC NI https://www.sportsnewsireland.com/gaa/trachtaireacht-ghaeilge-ar-roinnt-cluichi-clg-ar-bbc-ni https://www.sportsnewsireland.com/gaa/trachtaireacht-ghaeilge-ar-roinnt-cluichi-clg-ar-bbc-ni#respond Fri, 23 Oct 2020 15:15:46 +0000 https://www.sportsnewsireland.com/?p=10264 D’fhógair BBC NI go mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar roinnt cluichí i gCraobh Uladh i mbliana. Cé go mbeidh an tráchtaireacht teilifíse i mBéarla, beidh cuid acu ar fáil i nGaeilge ar shuíomh BBC Spórt NI. Ainmneofar na cluichí le tráchtaireacht Ghaeilge go luath. An séasúr seo, beidh sé chluiche ó Chraobh Uladh beo […]

The post Tráchtaireacht Ghaeilge ar roinnt cluichí CLG ar BBC NI appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
D’fhógair BBC NI go mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar roinnt cluichí i gCraobh Uladh i mbliana. Cé go mbeidh an tráchtaireacht teilifíse i mBéarla, beidh cuid acu ar fáil i nGaeilge ar shuíomh BBC Spórt NI. Ainmneofar na cluichí le tráchtaireacht Ghaeilge go luath.

An séasúr seo, beidh sé chluiche ó Chraobh Uladh beo ar BBC NI, le buaicphointí ón dá chluiche eile á gcraoladh chomh maith.

Cuirfear tráchtaireacht bheo ar gach aon chluiche i gCraobh Uladh ar BBC Raidió Uladh freisin.

Craolfar an t-aicsean ón 1 Samhain nuair a bheidh dhá chluiche beo. Beidh Dún na nGall ag baile i mBealach Féith in aghaidh Thír Eoghain. An lá céanna, tabharfaidh Ard Mhaca cuairt ar Dhoire i bPáirc na gCeilteach.

Beidh buaicphointe ón chluiche idir Mhuineachán agus An Cabhán le feiceáil idir an dá chluiche beo.

Is é Mark Sidebottom a chuirfidh na cluichí i láthair, le cabhair ó Oisín McConville, Peter Canavan, Martin McHugh agus Marty Clarke.

Sa bhosca tráchtaireachta, beidh Thomas Niblock, le heolas ón taobh líne á thabhairt ag Thomas Kane. Cuirfidh an craoltóir Tessa Fleming, bean a bhuaigh Craobh na gClubanna i dtrí chontae, na himreoirí faoi agallaimh.

Ar an 7ú Samhain, beidh an cluiche idir Aontroim agus An Cabhán nó Muineachán beo ar BBC NI. Fear Manach agus An Dún a imreoidh sa chluiche ceathrú ceannais an lá dár gcionn.

Beidh buaicphointe ón chéad chluiche leathcheannais ar an mbealach teilifíse ar an 14ú Samhain. An lá ina dhiaidh sin, beidh an cluiche leathcheannais eile beo.

Beidh Cluiche Ceannais Uladh beo ar an 22ú Samhain

Cluichí i gCraobh Uladh ar BBC NI

Dé Domhnaigh 1ú Samhaincluiche ceathrú ceannais
Dún na nGall v Tír Eoghain – Beo ar BBC 2 NI

Réamhbhabhta: Muineachán v An Cabhán – Buaicphointí
Doire v Ard Mhaca – Beo ar BBC 2 NI

Dé Sathairn 7ú Samhain – cluiche ceathrú ceannais
Muineachán nó An Cabhán v Aontroim – Beo ar BBC 2 NI

Dé Domhnaigh 8ú Samhain – cluiche ceathrú ceannais
Fear Manach v An Dún – Beo ar BBC 2 NI

Dé Sathairn 14ú Samhain – cluiche leathcheannais
Dún na nGall nó Tír Eoghain v Doire nó Ard Mhaca – Buaicphointí

Dé Domhnaigh 15ú Samhain – cluiche leathcheannais
Fear Manach nó An Dún v Muineachán nó An Cabhán nó Aontroim – Beo ar BBC Two NI

Dé Domhnaigh 22 Samhain – cluiche ceannais Uladh
Beo ar BBC 2 NI

The post Tráchtaireacht Ghaeilge ar roinnt cluichí CLG ar BBC NI appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
https://www.sportsnewsireland.com/gaa/trachtaireacht-ghaeilge-ar-roinnt-cluichi-clg-ar-bbc-ni/feed 0 10264
Mickey Moran ag fanacht le Cill Chua don bhliain 2021 https://www.sportsnewsireland.com/gaa/mickey-moran-ag-fanacht-le-cill-chua-don-bhliain-2021 https://www.sportsnewsireland.com/gaa/mickey-moran-ag-fanacht-le-cill-chua-don-bhliain-2021#respond Fri, 23 Oct 2020 14:32:04 +0000 https://www.sportsnewsireland.com/?p=10259 Beidh Mickey Moran ina bhainisteoir ar Chill Chua don séasúr 2021. Tá sé i gceannas ar Chill Chua ó mí na Samhna 2018. Shroich an fhoireann Craobh Chlub na hÉireann anuraidh faoina stiúir. An mhí seo caite, bhuaigh an club Craobh an Dúin don ochtú huair déag. Fanfaidh Conleith Gilligan agus Paul Devlin mar chuid […]

The post Mickey Moran ag fanacht le Cill Chua don bhliain 2021 appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
Beidh Mickey Moran ina bhainisteoir ar Chill Chua don séasúr 2021.

Tá sé i gceannas ar Chill Chua ó mí na Samhna 2018. Shroich an fhoireann Craobh Chlub na hÉireann anuraidh faoina stiúir.

An mhí seo caite, bhuaigh an club Craobh an Dúin don ochtú huair déag.

Fanfaidh Conleith Gilligan agus Paul Devlin mar chuid d’fhoireann bhainistíochta Mhoran.

Bhuaigh Moran, múinteoir ó Mhachaire Rátha, Craobh na gClubanna i gCúige Uladh ceithre huaire.

Tá taithí idirchontae ag Moran le cúig chontae. Ba bhainisteoir é ar a chontae dúchais, Doire, mar aon le Dún na nGall, Liatroim, Sligeach agus Maigh Eo.

Bhuaigh sé trí Chraobh Uladh le Sleacht Néill sula ndeachaigh sé go Cill Chua.

The post Mickey Moran ag fanacht le Cill Chua don bhliain 2021 appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
https://www.sportsnewsireland.com/gaa/mickey-moran-ag-fanacht-le-cill-chua-don-bhliain-2021/feed 0 10259
Cluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix https://www.sportsnewsireland.com/gaa/cluichi-clg-beo-ar-sky-sports-mix https://www.sportsnewsireland.com/gaa/cluichi-clg-beo-ar-sky-sports-mix#respond Wed, 14 Oct 2020 13:38:55 +0000 https://www.sportsnewsireland.com/?p=9757 D’fhógair Sky Sports le déanaí go mbeidh a gcluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix do Chraobh na hÉireann 2020. Ceithre chluiche dhéag ar fad a chraolfar beo ar an mbealach teilifíse satailíte. Toisc go mbeidh na cluichí peile agus iománaíochta ar Sky Sports Mix (uimhir 416 ar bhosca Sky agus 409 ar Virgin), beidh […]

The post Cluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
D’fhógair Sky Sports le déanaí go mbeidh a gcluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix do Chraobh na hÉireann 2020.

Ceithre chluiche dhéag ar fad a chraolfar beo ar an mbealach teilifíse satailíte.

Toisc go mbeidh na cluichí peile agus iománaíochta ar Sky Sports Mix (uimhir 416 ar bhosca Sky agus 409 ar Virgin), beidh deis ag daoine le gnáthshíntiús Sky féachaint ar na cluichí go léir.

Déanfaidh Kieran Donaghy Chiarraí agus Peter Canavan ó Thír Eoghain anailís ar na cluichí peile. Ceithre bhonn Uile Éireann atá buaite ag Donaghy agus rug Canavan ceithre ghradam Sárimreoirí Peile na Bliana leis nuair a bhí sé ag imirt.

Iománaí an Chláir Jamesie O’Connor, JJ Delaney, a bhain naoi mbonn Uile Éireann amach le Cill Chainnigh agus Ollie Canning na Gaillimhe a dhéanfaidh anailís ar na cluichí iomána.

Tosóidh na cluichí ar Sky Sports Mix Dé Sathairn 24 Deireadh Fómhair le hÁth Cliath agus Laois ag imirt sa chéad bhabhta de Chraobh Iomána Laighean. Ba iad muintir Uí Mhórdha a chuir deireadh le séasúr Átha Cliath anuraidh.

Is iad Dave McIntyre agus Mike Finnerty a bheidh i mbun tráchtaireachta, le cabhair ó Nicky English agus Paul Earley.

Tiocfaidh an t-iriseoir Gaeilge Gráinne McElwain isteach in ionad Rachel Wyse don séasúr seo, agus beidh bean Mhuineacháin ag cur na gcluichí i láthair in éindí le hiar-imreoir rugbaí na Mumhan Brian Carney.

Chomh maith leis sin, cuirfidh an bheirt acu an clár CLG ‘Inside the Game’ i lathair i rith na seachtaine chomh maith.

Cluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix

Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020
6:00pm Áth Cliath v Laois (iomáint)
Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020
1:15pm Muineachán v An Cabhán (peil)
3:30pm Corcaigh v Port Láirge (iomáint)
Dé Sathairn, 7 Samhain 2020
3:45pm Babhta Cáilithe Iomána
6:15pm Áth Cliath v An Iarmhí (peil)
Dé Sathairn, 14 Samhain 2020
1:15pm Dún na nGall/Tír Eoghain v Ard Mhaca/Doire (peil)
3:45pm Babhta Cáilithe Iomána
Dé Sathairn, 21 Samhain 2020
3:45pm Cluiche Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann
Dé Sathairn, 28 Samhain 2020
6:00pm Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann
Dé Domhnaigh, 29 Samhain 2020
4:00pm Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann
Dé Sathairn, 5 Nollaig 2020
5:30pm Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann
Dé Domhnaigh, 6 Nollaig 2020
3:30pm Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann
Dé Domhnaigh, 13 Nollaig 2020
3:30pm Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann
Dé Sathairn, 19 Nollaig 2020
5:00pm Cluiche Ceannais Peile na hÉireann

The post Cluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
https://www.sportsnewsireland.com/gaa/cluichi-clg-beo-ar-sky-sports-mix/feed 0 9757
Ciarán Sheehan agus Tomás Clancy Chorcaí gortaithe https://www.sportsnewsireland.com/gaa/ciaran-sheehan-agus-tomas-clancy-chorcai-gortaithe https://www.sportsnewsireland.com/gaa/ciaran-sheehan-agus-tomas-clancy-chorcai-gortaithe#respond Tue, 13 Oct 2020 13:18:05 +0000 https://www.sportsnewsireland.com/?p=9690 Ní imreoidh Ciarán Sheehan ná Tomás Clancy arís do pheileadóirí Chorcaí i mbliana. Rinneadh obráid ar ghlúin Sheehan, fear Éire Óg, atá naoi mbliana is fiche d’aois, le déanaí. Chaith an tosaí sé bliana san Astráil agus shínigh sé conradh dhá bhliain leis an gclub AFL Carlton i Samhain 2013. Bhí súil ag iar scoláire […]

The post Ciarán Sheehan agus Tomás Clancy Chorcaí gortaithe appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
Ní imreoidh Ciarán Sheehan ná Tomás Clancy arís do pheileadóirí Chorcaí i mbliana.

Rinneadh obráid ar ghlúin Sheehan, fear Éire Óg, atá naoi mbliana is fiche d’aois, le déanaí.

Chaith an tosaí sé bliana san Astráil agus shínigh sé conradh dhá bhliain leis an gclub AFL Carlton i Samhain 2013.

Bhí súil ag iar scoláire Choláiste Choilm, Baile an Chollaigh, go mbainfeadh sé gairm amach mar imreoir proifisiúnta AFL. Ar an drochuair, chuir cúpla gortú stop leis an bplean sin.

Tomás Clancy gortaithe freisin

Chuir cóitseálaí Chorcaí Ronan McCarthy in iúl inniu nach mbeidh Tomás Clancy ó Mhainistir Fhear Maí ag imirt d’fhoireann an chontae ach an oiread. Ag tús na míosa seo dhein sé damáiste dá theannán Aichill agus ghortaigh sé matán an cholpa.

Beidh Corcaigh agus An Lú ag tabhairt aghaidh ar a chéile an deireadh seachtaine seo agus an tSraith Náisiúnta Peile ag atosú.

The post Ciarán Sheehan agus Tomás Clancy Chorcaí gortaithe appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
https://www.sportsnewsireland.com/gaa/ciaran-sheehan-agus-tomas-clancy-chorcai-gortaithe/feed 0 9690
An lá le Bréachmhaigh i Maigh Eo? https://www.sportsnewsireland.com/gaa/an-la-le-breachmhaigh-i-maigh-eo https://www.sportsnewsireland.com/gaa/an-la-le-breachmhaigh-i-maigh-eo#respond Sun, 20 Sep 2020 09:04:54 +0000 http://www.sportsnewsireland.com/?p=8340 Tabharfaidh Bréachmhaigh aghaidh ar an gCnoc Mór i gCluiche Ceannais Sinsear Peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo i bPáirc Mhic Éil Elverys i gCaisleán an Bharraigh. Tá ocht gcraobh buaite ag muintir an Chnoic Mhóir agus gan craobh an chontae tógtha oiread is uair amháin ag foireann Bhréachmhaí fós. Chaill Bréachmhaigh an cluiche ceannais […]

The post An lá le Bréachmhaigh i Maigh Eo? appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
Tabharfaidh Bréachmhaigh aghaidh ar an gCnoc Mór i gCluiche Ceannais Sinsear Peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo i bPáirc Mhic Éil Elverys i gCaisleán an Bharraigh.

Tá ocht gcraobh buaite ag muintir an Chnoic Mhóir agus gan craobh an chontae tógtha oiread is uair amháin ag foireann Bhréachmhaí fós.

Chaill Bréachmhaigh an cluiche ceannais trí huaire ó 2013. Bhí an lámh in uachtar ag Na Mistéalaigh, Caisleán an Bharraigh, orthu, 1-11 v 0-8, an bhliain úd. Dhá bhliain níos déanaí, bhí na foirne céanna sa chluiche ceannais agus theip orthu in athuair, ach le níos mó le spáráil ag na Mistéalaigh an t-am sin, 4-11 i gcoinne 0-9. An uair dheireanach a shroich foireann Bhréachmhaí an cluiche cinniúnach i 2018, bhí Baile an Tobair beagán chun cinn orthu ag an deireadh, agus gan ach aon phointe amháin idir na foirne, 0-12 v 1-08.

Bhí an lá leis an gCnoc Mór trí huaire sna 1990aidí nuair a bhuadar Corn Phádraig Uí Mhoicléir sna blianta 1992, 1996 agus 1997. Shroicheadar an cluiche ceannais arís i 2016, ach ba thánaistigh iad an bhliain úd.

I mbabhta a trí de chomórtas na bliana seo, tháinig Bréachmhaigh as Grúpa 4, áit ina raibh Cathair na Mart, Na Mistéalaigh Caisleán an Bharraigh is Baile Chathail. Bhuaigh Bréachmhaigh ar Chathair na Mart coicís ó shin, agus dhá chúilín le spáráil acu (0-15 v 0-13).

Cill tSéine, Clár Chlainne Mhuiris agus Na Stiofánaigh Bhéil an Átha a bhí i nGrúpa 3 leis an gCnoc Mór. Ceithre chúilín a bhí eatarthu nuair a chas An Cnoc Mór (0-17) ar Stiofánaigh Bhéal an Átha (0-13) an lá faoi dheireadh chun cáiliú do chluiche ceannais an chontae.

Tá muintir Bhréachmhaí ag fanacht le fada an lá chun an chraobh seo a thabhairt leo. An mbeidís in ann an t-éacht a dhéanamh an deireadh seachtaine beag seo? Feicfimid Dé Domhnaigh.

Beidh an cluiche beo ar TG4, ag tosú ar 3.35pm.

The post An lá le Bréachmhaigh i Maigh Eo? appeared first on SportsNewsIreland.

]]>
https://www.sportsnewsireland.com/gaa/an-la-le-breachmhaigh-i-maigh-eo/feed 0 8340