HomeGAACluichí Camógaíochta an Deiridh Seachtaine

Cluichí Camógaíochta an Deiridh Seachtaine

Tosóidh an Chraobh Chamógaíochta Liberty Insurance Dé Sathairn le cluichí i ngrúpaí a haon agus a dó.

I mbliana, beidh níos mó cluichí á sruthú beo ar líne ná riamh.

Don séasúr seo, beidh cúig chluiche beo ar leathanach Facebook Liberty Insurance, le dhá cheann sa bhabhta deireanach.

D’fhógair An Cumann Camógaíochta an tseachtain seo go mbeidís ag sruthú cluiche eile gach seachtain.

An deireadh seachtaine seo, beidh an cluiche mór idir Phort Láirge agus Chill Chainnigh beo ar leathanach Liberty Insurance. Tosóidh an cluiche sin i ngrúpa a dó de Chraobh na hÉireann i bPáirc an Bhreathnaigh ar a dó a’chlog amárach.

Beidh cluiche idirmheánach i ngrúpa a haon den chraobh úd i bPáirc an Phiarsaigh amárach chomh maith. Tabharfaidh Áth Cliath cuairt ar an nGaillimh ar a dó a’chlog. Sa Chraobh Shóisearach, tabharfaidh An Clár agus Uíbh Fhailí aghaidh ar a chéile.

Dé Domhnaigh, beidh beoshruthú ar an gcluiche idir Thiobraid Árann agus An Clár i ngrúpa a trí den Chraobh Shinsearach.

Craolfar an cluiche idir Seaimpíní na hÉireann anuraidh, Gaillimh, agus Loch Garman, ar Youtube, le cluichí an Domhnaigh go léir ag tosú ar 2 a’chlog.

Dé Sathairn 17ú Deireadh Fómhair 2020
Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Chamógaíocht (Grúpa 2)

Luimneach v An Iarmhí, An Brú, 2 i.n.

Port Láirge v Cill Chainnigh, Páirc an Bhreathnaigh, 2 i.n.

Craobhchomórtas Idirmheáanch na hÉireann sa Chamógaíocht (Grúpa 1)

Gaillimh v Áth Cliath, Staid an Phiarsaigh, 2 i.n.

Craobhchomórtas Sóisearach na hÉireann sa Chamógaíocht (Grúpa 1)

An Clár v Uíbh Fhailí, An Chreatalach, 2 i.n.

 

Dé Domhnaigh 18ú Deireadh Fómhair 2020
Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Chamógaíocht (Grúpa 1)

Loch Garman v Gaillimh, Bellfield, Inis Córthaigh, 2 i.n.

Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Chamógaíocht (Grúpa 3)

Tiobraid Árainn v An Clár, The Ragg, 2 i.n.

LiveScores Now Available at IrishScores.com

RELATED ARTICLES

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here

- Advertisment -

Most Popular

Recent Comments